Inspioráid ó na hoileáin
Tá oileáin na hÉireann fiáin, garbh agus álainn agus is iomaí turasóir as Éirinn agus thar lear a bhain ríthaitneamh astu leis na céadta bliain. Is taithí bheoga atá i gcuairt, agus tugann sé deis duit éalú ó strus an tsaoil nua-aimseartha.
Agus cuimhnigh go bhfuil sé an-éasca teacht ar na pobail seo. Tá roinnt díobh, cosúil le hAcaill agus Dairbhre, ceangailte leis an mórthír le droichead; is féidir teacht ar na hoileáin eile ar bhád beag, bád farantóireachta, tríd an aer agus fiú le carr cábla! Ó thaobh lóistín, bialanna nó cúrsa nó gníomhaíocht a dhéanamh, tá luach ar airgead iontach ar fáil.
AN tIARTHUAISCEART
Árainn Mhór — An áit is fearr do shiúlóidí, slatiascaireacht, tumadóireacht, éanbhreathnú. Is oileán do gach séasúr atá in Árainn Mhór. Tá daonra de 500 ann agus sé theach tábhairne traidisiúnta, is áit bheoga atá san ósais Ghaeltachta seo. Bain taitneamh as an tírdhreach álainn, fiáin, an cultúr Gaelach, na bóithre tuaithe ciúine agus fiadhúlra, tinte móna agus tithe tábhairne atá fairsing.
Tá cosán marcáilte a théann ó thránna gaineamhacha chuig barr clochach an oileáin, óna bhfuil radhairc iontacha ar an bhfarraige lonrach, na haillte, áirsí cloiche agus sléibhte mórthaibhseacha na mórthíre; ó Cheann Ghlinne go Toraigh.
Tá láithreacha iontacha tumadóireachta agus slatiascaireachta le fáil sna huiscí glé timpeall ar Árainn Mhór, agus tá an breac donn agus an breac dea-dhathach le fáil i lochanna fíoruisce an oileáin. Is féidir báid a fháil ar cíos le dul ag slatiascaireacht.
IARTHAR NA HÉIREANN
Oileáin Árann — Árainn – an tOileán ‘mór’ – An t-oileán is fearr do sheisiún ceoil gach oíche agus oíche dhamhsa rialta.
Is é Árainn an t-oileán is mó d’Oileáin Árann na Gaillimhe agus bhíodh sé ceangailte le haolchlocha cáiliúla Bhoirne, tráth. Tig leat siúl, dul ag rothaíocht nó ag marcaíocht sna cosáin anseo chun an séadchomhartha is mó cáil ar an oileán, Dún Aonghusa, a aimsiú, atá ar cheann de na trí dhún mhórthaibhseacha in Éirinn atá ar liosta sealadach Oidhreachta an Domhain.
Tá dúnfoirt chiorclacha, iarsmaí luath Chríostaíochta, ardchrosa ón 12ú hAois agus séipéil mheánaoiseacha ar fud an oileáin. I mí Iúil, beidh radharc le fáil ar na báid i Rás Aigéin Volvo ón oileán.
Inis Oírr – An t-oileán is fearr chun Fr Ted a leanúint, le dul ag siúl agus i gcomhair ealaíne agus ceardaíochta.
Nuair a théann tú thar an longbhriseadh dearg meirgeach ar chladach thoir Inis Oírr (amach ó chósta Chontae an Chláir, aithneoidh tú Oileán Craggy ó cheart atá le feiceáil i radhairc oscailte na sraithe teilifíse, Father Ted. Ar thuaisceart an oileáin tá tránna gaineamhacha atá sábháilte le dul ag snámh agus a bhfuil radhairc áille astu ar Chonamara; agus tá an longbhriseadh agus radhairc iontacha ón gcladach thoir ar Aillte an Mhothair.
Tá scoil chócaireachta ar an oileán, inar féidir leat foghlaim le cócaireacht le feamainn nó fiú breith ar d'iasc féin agus é a chócaráil. Tá réimse ceardlann, ceolchoirmeacha agus taispeántas ar fáil in Áras Éanna, ionad ealaíon agus cultúir an oileáin. Feicfidh tú rásaí curach ar an oileán i mí Lúnasa freisin.
Inis Meáin — An t-oileán is fearr do shiúlóid, oidhreacht, cúrsaí Gaeilge agus cultúrtha. Is é Inis Meáin oileán láir Oileáin Árann agus an t-oileán is ciúine díobh.
Téann cathair ghríobháin de bhóithre casta, cosáin faoi scáth agus bealaí siúil trasna an oileáin, ó chnoic chlochacha an deiscirt chuig tránna gaineamhacha ar an gcladach ó thuaidh. Tá bláthanna fiáine i ngach áit agus tá samplaí de lonnaíochtaí luatha ar an tírdhreach aolchloiche carstach.
Ná déan dearmad ar Theach Synge, an teachín oileáin athchóirithe a bhí ag an scríbhneoir John Millington Synge; thaitin an t-oileán leis mar áit saoire agus fuair sé inspioráid ann do chlasaicí amhail The Playboy of the Western World.
AN tIARDHEISCEART
Oileán Chléire — An t-oileán is fearr d’éanbhreathnú, cúrsaí Gaeilge.
Is oileán Gaeltachta fíor-románsúil atá in Oileán Chléire atá suite 13km amach ó chósta iarthar Chorcaí. Is é seo an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil daoine ina gcónaí air, suite díreach ar imeall na scairbhe ilchríochaí amach ó Dhún na Séad in iarthar Chorcaí. Tá an bealach isteach chuig Loch Trasna ar cheann de na háiteanna is fearr san Eoraip chun deilfeanna agus míolta móra a fheiceáil agus, má bhíonn an aimsir go breá, d’fhéadfá turtar droimleathair, iasc gréine nó siorc a fheiceáil. Tá an t-aon réadlann éin in Éirinn ina bhfuil duine lonnaithe ar an oileán chomh maith, agus táthar ag coinneáil cuntas speicis laethúil ann ó 1959.
Má théann tú chuig Oileán Chléire le bheith gar don nádúr, beagán Gaeilge a fhoghlaim, uachtar reoite déanta de bhainne gabhair a bhlaiseadh, dul ar thuras báid nó taitneamh a bhaint as ceann de na féilte cosúil leis an Deireadh Seachtaine Siúil/Cainte sa Bhealtaine agus an Fhéile Idirnáisiúnta Scéalaíochta i mí Mheán Fómhair, is féidir scíth a ligean agus an nádúr agus an tsíocháin a bhlaiseadh.
Tig leat an deis a thapú oileáin iarthar Chorcaí agus a bhfuil ar fáil iontu a fheiceáil idir Meitheamh 23-25 nuair a chuireann Deireadh Seachtaine Oileáin Iarthar Chorcaí rátaí laghdaithe ar fáil ar ghníomhaíochtaí, seirbhísí agus lóistín. Léim ar bhád farantóireachta nó carr cábla chuig ceann de na hoileáin seo: An tOileán Mór, Oileán Chléire, Oileán Baoi, Garinis, Oileán Uí Drisceoil, Inis Fada, Inis Arcáin agus Faoide.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le hOileáin na hÉireann, téigh chuig www.discoverireland.ie/islands Cathair ghríobháin: Maze Lonnaíochtaí luatha: Early settlements Imeall na scairbhe ilchríochaí: The edge of the continental shelf Turtar droimleathair: Leatherback turtle