Súil le fíorchomhrac idir na foirne
DEIREADH seachtaine gnóthach atá ann i gcúrsaí iomána, agus cluichí móra i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan chomh maith le dhá chluiche cúldorais tráthnóna Dé Sathairn.
Beidh seaimpíní na hÉireann, Cill Chainnigh, agus Baile Átha Cliath le chéile i bPort Laoise tráthnóna Dé Sathairn, agus go leor ag súil le fíorchomhrac idir na foirne seo.
Cé gur dícháilíodh Baile Átha Cliath go Roinn a hAon B sa tsraith, seans gurb é seo an cluiche a raibh siad ag díriú air ó thús na bliana agus ina theannta sin tá an painéal ar fad ar fáil do Anthony Daly den chéad uair le os cionn bliana.
Níl aon dabht ach gur foireann difriúil iad agus leithéidí Conal keaney, Stephen Hiney agus Tomas Brady ar fáil dóibh, agus beidh siad inchurtha le Cill Chainnigh sa chomhrac fisiciúil.
Tá gortuithe ag cur as do Brian Cody agus é d’uireasa Michael Fennelly agus Aidan Fogarty. Ach ar an láimh eile tá Michael Rice, Henry Shefflin, agus Richie Power ar fáil arís.
Bhreathnaigh Cill Chainnigh go maith agus iad ag buachan na sraithe agus tá sé fíordheacair dul ina gcoinne, go háirithe i gcraobh Laighean. Cé go mbeadh duine ag súil leo buachan anseo, beidh a fhios acu go mbeidh orthu a bheith i mbarr a maitheasa chun an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann na hArdchathrach.
Sean-naimhde
Imreofar cluiche mór eile an deireadh seachtaine seo, i gcraobh na Mumhan agus na sean-naimhde, Corcaigh agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Chaoimh ar an Domhnach. Is é seo an dara cluiche ag Tiobraid Árann sa gcraobh agus is cinnte go seasfaidh sé sin dóibh.
Níor bhreathnaigh rudaí go maith dóibh ar feadh píosa mór dá gcluiche i gcoinne Luimnigh ach chríochnaigh siad láidir chun bua de cheithre chúilín a bhaint amach, agus tionchar nach beag ag na hionadaithe a tháinig chun páirce, ‘Bonnar’ Maher, Shane McGrath, agus Seamus Callanan air sin.
Seans maith go bhfeicfidh muid Lar Corbett ar fáil dóibh ar an Domhnach, agus cuirfidh sé sin go mór lena gcuid. Fuair Corcaigh an lámh in uachtar orthu i gcluiche leathcheannais na sraithe, agus níl aon dabht ach gur chruthaigh an luas a bhí ag tosaithe Chorcaí deacrachtaí dóibh.
Beidh Darren Sweetnam do Chorcaigh ar fáil i ndiaidh scrúduithe agus is buntáiste d’fhoireann óg Chorcaí a bheith ag baile agus ní bhíonn mórán idir na foirne seo go traidisiúnta, cé go bhfuil seans go seasfaidh an taithí atá ag leaideanna Thiobraid Árann dóibh ar an Domhnach.
Cluichí cúldorais
Beidh dhá chluiche cúldorais freisin ar bun sa gcraobh iomána tráthnóna Dé Sathairn agus Loch Garman ag cur fáilte roimh an Iarmhí go Loch Gar- man sa gcéad cheann acu sin. Bhí Loch Garman buartha nár thapaigh siad roinnt deiseanna maithe a bhi acu i gcoinne Uíbh Fhailí ach is deis é seo dóibh, fáil ar ais ar an mbóthar ceart. Tá dul chun cinn mór déanta ag an Iarmhí ó thaobh cúrsaí iomána, rud a léirigh siad i gcoinne na Gaillimhe le dhá bhliain anuas, ach seans go mbeidh Loch Garman róláidir dóibh anseo.
Sa dara cluiche cúldorais, rachaidh Laois go Páirc na nGael chun aghaidh a thabhairt ar Luimneach agus feabhas mór ag teastáil ón taispeántas a thug siad i gcoinne Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean.
Beidh Luimneach díomách mar a thit an lug ar an lag orthu sa gceathrú uaire deireanach i gcoinne Thiobraid Árann, ach beidh siad ag súil le bua compordach a fháil anseo. Gnóthach: Busy Fíorchomhrac: A great duel D’uireasa: Without Tionchar: Influence Taispeántas: Display