Irish Independent - Seachtain

An bhfuil seans ag Liatroim?

- Paddy Ó Gríofa

DHÁ CHLUICHE peile atá againn an deireadh seachtaine seo agus cluichí leathchean­nais cúige á n-imirt i gConnacht agus i gCúige Uladh ar an Domhnach. Dar ndóigh, beidh cúrsaí fíorghnóth­ach ó thaobh na peile de an deireadh seachtaine seo chugainn, nuair a bheidh an chéad bhabhta de na cluichí cáilithe á n-imirt chomh maith leis na cluichí leathchean­nais i gCúige Laighean.

Imreofar an chéad chluiche leathchean­nais i gCúige Uladh in Ard Mhacha ar an Domhnach idir an Dún agus Muineachán agus deis iontach ag an dá fhoireann seo craobh Uladh a bhaint amach. Níl aon dabht ach go mbeadh sé mar sprioc ó thús na bliana ag an dá fhoireann seo, go háirithe an Dún, cluiche ceannais Uladh a bhaint amach ar a laghad, nuair a chonaic siad an tarraingt i gCúige Uladh agus go raibh foirne ar nós Dún na nGall, Tír Eoghain, Doire agus Ard Mhacha ar an taobh eile den tarraingt.

Bhuaigh an dá fhoireann seo a gcuid cluichí ceathrú ceannais i gcoinne Aontroma agus Fhear Manach, gan cur ina luí orainn go raibh ceachtar acu i mbarr a maitheasa agus mar sin, is deacair léamh a dhéanamh ar chluiche an Domhnaigh.

Croí

Thaispeáin Muineachán croí i gcoinne Aontroma, nuair a bhíodar trí chúilín laistiar chun bua trí chúilín a bhaint amach ar deireadh, agus bhí baint nach beag ag Tommy Freeman leis sin nuair a tháinig sé chun páirce, agus braithfidh go leor ar an mbeidh seisean agus beirt eile Mhuineachá­in a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh, Paul Finlay agus Darren Hughes, ar fáil chun dul chun páirce ar an Domhnach.

Ó thaobh an Dúin de, tá gortuithe ag cur as dóibh sin freisin agus caolseans go mbeidh Benny Coulter, Niall McParland agus Dan Gordon ar fáil.

Bhíodar compordach go maith ina mbua sé chúilín ar cheathrar déag Fhear Manach agus beidh siad ag brath arís ar imreoirí ar nós Kevin Mckernan, Ambrose Rogers, Mark Poland agus Conor Laverty chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Uladh.

Agus neamhchinn­teacht faoi Finlay agus Freeman agus an taithí atá ag an Dún ó 2010, bheifeá ag súil go ndéanfaidí­s é sin.

I gCúige Chonnacht, déanfaidh Liatroim an turas go Caisleán an Bharraigh chun aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo agus gan aon duine ag tabhairt mórán seans dóibh.

Bhíodar trí chúilín laistiar ag dul isteach sa gceathrú huaire deireanach i gcoinne Londan agus mar sin beidh Liatroim sásta gur éirigh leo teacht slán as Londain agus níl faic le cailleadh acu ag dul isteach sa gcluiche seo.

Ní bheidh a lánchúlaí, Ciaran Egan, ar fáil dóibh de bharr cúrsaí smachta, cé nach bhfuil aon dabht go bhfuil tosaithe acu ar nós Emyln Mulligan agus James Glancy a chruthódh deacrachta­í do Mhaigh Eo.

Traenáil

Tá Maigh Eo ag fanacht ocht seachtainí leis an gcluiche seo, ó d’imir siad Corcaigh i gcluiche ceannais na sraithe agus dá bharr sin seans go dtógfaidh sé píosa orthu socrú isteach sa gcluiche ar an Domhnach. Tá an bheirt lár páirce, Aidan agus Seamus O’Shea, ar ais i mbun traenála ach is dócha nach rachaidh siad sa seans leo don chluiche seo.

Cé go dtabharfai­dh Liatroim dúshlán do Mhaigh Eo, is foireann as Roinn a hAon i gcoinne foireann as Roinn a Ceathair atá i gceist anseo, agus ba chóir go mbeadh Maigh Eo compordach go maith ar deireadh.

 ?? PIC: DIARMUID GREENE / SPORTSFILE ?? Ceiliúradh: James Glancy, Liatroim, tar éis dó pointe a aimsú i gcoinne Londan le gairid.
PIC: DIARMUID GREENE / SPORTSFILE Ceiliúradh: James Glancy, Liatroim, tar éis dó pointe a aimsú i gcoinne Londan le gairid.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland