Éire abú thar lear i SAM
An-rath ar chlár cultúir a bhfuil réalta mór scannáin ag tacú leis
TÁ AG éirí thar cionn le feachtas a chuirfidh cultúr na hÉireann i gcroílár an chórais oideachais i Meiriceá, feachtas a bhfuil tacaíocht tugtha ag an aisteoir Russell Crowe dó.
Dar le Trina Vargo, uachtarán an US-Ireland Alliance, is é an aidhm atá acu siollabas a chruthú a chuirfeadh oideachas ar dhéagóirí i Meiriceá faoi stair, faoi scríbhneoirí agus faoi ealaíontóirí na hÉireann agus a thabharfaidh spreagadh don chéad ghlúin eile de Mheiriceánaigh cuairt a thabhairt ar an tír seo.
Tá an t-airgead a theastaíonn chun an chéad mhodúl den churaclam a dhéanamh bailithe acu cheana féin, modúl a dhíreoidh ar an nGorta Mór.
Scaip Russell Crowe, ar eascair a mhuintir as Éirinn ó dhúchas, an scéal ar an 500,000 leantóir atá aige ar Twitter.
Tá na haisteoirí cáiliúla Dana Delaney (Desperate Housewives) agus Jason O’Mara (Life on Mars) ag tacú leis freisin.
“Is ar Lá Fhéile Pádraig, ar an ól agus ar leipreacháin a smaoiníonn go leor Meiriceánach nuair a luaitear Éire. Ba mhaith linn an íomhá sin a athrú,” arsa Vargo.
“Cuirfear rudaí a mbeadh suim ag daltaí iontu san áireamh freisin.
“Cé mhéad duine a bhfuil a fhios acu gur Éireannach a scríobh an leabhar Dracula mar shampla?”
Creidtear go mbeidh an chéad chuid den siollabas, gearrscannán atá bunaithe ar dhán Eavan Boland, réidh roimh dheireadh na bliana seo.
Dochreidte
“Níl an feachtas seolta againn i bhfad agus tá an t-aiseolas atá faighte againn dochreidte. “Is féidir le daoine airgead a bhronnadh air go dtí an 5 Iúil ar an suíomh http://kck.st/KiOyEy,” arsa Vargo.
D’iarr an Seanadóir Feargal Quinn ar an bpobal tacaíocht a thabhairt don fheachtas:
“Tionscadal iontach atá ann i mo thuairim. Rud ar bith a chuireann Éire i mbéal an phobail, cabhróidh sé linn,” a dúirt sé.
“Tá daoine in áiteanna ar fud an domhain nár chuala faoi Éirinn riamh.
“Meabhróidh an curaclam seo do dhaoine go bhfuilimid anseo, méadóidh sé líon na nearraí a easpórtáiltear agus cuirfidh sé borradh faoinár gcultúr.”