Impí ó scoileanna: Sábháil ár gcúntóirí
BEIDH deora á sileadh i scoileanna timpeall na tíre ar an Aoine agus ciorruithe oideachais an rialtais ag dul i bhfeidhm orthu. Do roinnt múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta, is é seo a lá deireanach ar scoil.
Creidtear nach mbeidh beirt chúntóirí riachtanas speisialta ag filleadh ar Scoil Speisialta Sonas i gCorcaigh i mí Mheán Fómhair mar thoradh ar na ciorruithe. Bhí sé ar intinn ag an rialtas ceathrar cúntóirí (ar dheis) a ghearradh ón scoil. Creidtear nach ngearrfar ach beirt anois, tar éis don scoil achomharc eile a chur isteach.
“Ba iad na míonna atá díreach imithe na míonna ba dheacra i mo shaol,” arsa Helena O’Callaghan,duine den cheathrar a fuair scéal go mbeidh sí ag fanacht.
“Beidh sé uafásach deacair orainn toisc go mbeidh beirt ach fágáil fós,” arsa Helena.
“Freastalaímid ar pháistí uathacha idir trí agus sé bliana d’aois sa scoil seo. Ní gnáthpháistí iad seo, teastaíonn aird duine ar dhuine uathu. Feicimid an dul chun cinn a dhéanann siad.
“Chríochnaigh 14 ghasúr sa scoil le gairid; beidh ochtar acu ag dul ar aghaidh go gnáthscoileanna sa cheantar. Ní ar airgead mór a dhéanaimid é seo, déanaimid é toisc gur aoibhinn linn é.”
Dar le hArt Ó Tuama, cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, tá scéal faighte acu go mbeidh an tAire Oideachais sásta comhréiteach a dhéanamh leis an scoil. Creideann siad go gcaillfear beirt chúntóirí anois in áit ceathrar.
“Is é sin an nuacht is fearr atá faighte againn le deich seachtainí anuas. Táimid ag fanacht ar scéal oifigiúil fós ach creidtear go ndéanfar athbhreithniú fabhrach ar ár n-achomharc,” a dúirt sé.
Dar le Helena, caithfear aitheantas a thabhairt do na tuismitheoirí, do na páistí agus do na baill den phobal a thug tacaíocht don scoil le cúpla mí anuas.
“Táimid ag cailleadh beirt chúntóirí fós agus beimid mar chuid den slua a shiúlfaidh go dtí an Dáil an tseachtain seo chugainn chun ár míshástacht i leith na gciorruithe oideachais a léiriú.” Cúntóirí riachtanas speisialta: Special needs assistants Páistí uathacha: Autistic children Comhréiteach: Compromise