Cúrsaí CLG
Deireadh seachtaine gnóthach
Laois v Ceatharlach
Peil 19.00 Port Laoise Dé Sathairn Braitheann go leor ar conas a thagann Ceatharlach amach as an dá chluiche i gcoinne na Mí, maidir leis an gcluiche áirithe seo.
Beidh Derek Hayden agus Paul Reid ar fáil arís i ndiaidh fionraí agus súil acu go mbeidh Daniel St Ledger agus Brendan Murphy lánaclaí.
Mar sin féin, is foireann iad Laois a bhí i Roinn a hAon i mbliana agus dá réir sin, ba chóir go seasfadh sé dóibh. Rogha: Laois
An Longfort v Doire
Peil 19.00 Páirc an Phiarsaigh Dé Sathairn Bhí bliain rathúil go maith ag an Longfort go dtí seo, agus is foireann iad a n-éiríonn réasúnta maith leo sna babhtaí cáilithe, go háirithe agus iad ag baile i bPáirc an Phiarsaigh.
Bhí Doire fíordhíomách i gcoinne Dhún na nGall, agus beidh siad ag lorg feabhas mór anseo. Is beag a bheidh eatarthu. Rogha: Longfort.
Ros Comáin v Ard Mhacha
Peil 14.30 Páirc de hÍde Dé Domhnaigh Bhí Ard Mhacha sásta go maith lena dtaispeántas i gcoinne Thír Eoghain, go háirithe agus an líon imreoirí óga a chuaigh chun páirce.
Caolseans go mbeidh Aaron Kernan ar fáil de bharr an ghortaithe a bhain dó. Bhí Ros Comáin go hainnis i gcoinne na Gaillimhe agus beidh orthu a gcuid imeartha a ardú go mór don chluiche seo. Rogha: Ard Mhacha.
Londain v Aontroim
Peil 13.00 Páirc Ruislip Dé Sathairn Déanfaidh Aontroim an turas thar sáile Dé Sathairn chun aghaidh a thabhairt ar fhoireann Londan a bhí díomách gur chliseadar i gcoinne Liatroma. Fuair Londain an lámh in uachtar ar Fhear Manach ag an tráth seo anuraidh agus dá bharr sin beidh Aontroim airdeallach. Rogha: Aontroim.
Cill Mhantáin v Port Láirge
Peil 14.30 Eachroim Dé Sathairn Cé go bhfuil Cill Mhantáin mar rogha na coitiantachta anseo, beidh a fhios acu gur chliseadar i gcoinne Phort Láirge sa tsraith le cheithre chúilín, in Eachroim freisin. Is cailliúint mhór dóibh Leighton Glynn ach fós ba chóir go mbeidís ábalta díoltas a bhaint amach anseo. Rogha: Cill Mhantáin.
An Iarmhí v Lú
Peil 19.00 Páirc Uí Chíosóg Dé Sathairn An dara babhta do na foirne seo bualadh le chéile sa chraobh i ndiaidh do Lú an lámh in uachtar a fháil i gcraobh Laighean le cúl go domhain in am breise. Tá deacrachtaí acu ó shin agus roinnt mhaith imreoirí imithe thar sáile. Cé go bhfuil Gary Connaughton na hIarmhí é féin thar sáile, beidh an Iarmhí dóchasach go mbeidh siad ábalta díoltas a bhaint amach agus iad ag baile. Rogha: An Iarmhí.
Tiobraid Árann v Uíbh Fhailí
Peil 19.00 Staid Semple Dé Sathairn Dhá fhoireann iad seo a d’athraigh bainisteoirí i rith na sraithe agus ar fhianaise na dtaispeántas a thugadar i gcoinne Chiarraí agus Chill Dara faoi seach, cheapfá go mbeadh an lámh in uachtar ag Tiobraid Árann anseo, go háirithe agus iad ag baile i nDurlas. Rogha: Tiobraid Árann.
Fear Manach v an Cabhán
Peil: 14.30 Páirc Brewster Dé Domhnaigh Tabharfaidh na comharsana seo aghaidh ar a chéile ar an Domhnach. Beidh foireann óg an Chabháin dóchasach ag dul go Páirc Brewster agus is cailliúint mhór d’Fhear Manach é Seamus Quigley. Is fíor bheag a bheidh idir na foirne seo. Rogha: Fear Manach.
An Dún v Doire
Peil 15.30 Páirc Mhic Easmainn Dé Domhnaigh Tabharfaidh na foirne seo aghaidh ar a chéile i mBéal Feirste i gcluiche leathcheannais Uladh, agus áit i ndán do na buaiteoirí sa gcluiche ceannais i gcoinne Aontroma. Bhí an lámh in uachtar acu ar an Dún níos túisce i mbliana sa tsraith. Rogha: Doire.
Loch Garman v Ceatharlach
Iomáint 14.30 Páirc Loch Garman Dé Sathairn Thug Loch Garman agus Diarmuid Lyng ach go háirithe fíorthaispeántas i gcoinne na hIarmhí an tseachtain seo caite, agus beidh siad ag lorg toradh mar é ar an Satharn. Bhí Ceatharlach díomách cliseadh i gcoinne Laoise i gcraobh Laighean. Rogha: Loch Garman.
Luimneach v Aontroim
Iomáint 15.00 Páirc na nGael Dé Sathairn Más fianaise an dá chluiche a d’imir Luimneach go dtí seo sa gcraobh, i gcoinne Thiobraid Árann agus Laoise Dé Sathairn seo caite, ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar acu anseo. Bhí Aontroim go dona i gcoinne na hIarmhí go háirithe sa dara leath, agus fuair Luimneach an lámh in uachtar orthu cheana i mbliana sa tsraith le cheithre chúilín déag. Seans go mbeidh toradh den saghas céanna anseo. Rogha: Luimneach.