Irish Independent - Seachtain

An éiríonn tú go luath?

Cúpla Focal

-

Alexander Nimmo

Saol laethúil John.

1. An éiríonn tú go luath ar maidin? 2. An itheann tú bricfeasta mór? 3. An dtéann tú go dtí an obair ar an traein? 4. An dtosaíonn tú ag obair ar a naoi a chlog? 5. An mbíonn lón agat le cairde go minic? 6. An dtagann tú abhaile ar a cúig a chlog? 7. An ndéanann tú an tsiopadóir­eacht Dé Sathairn? 8. An bhféachann tú ar an teilifís gach oíche?

Bí ag léamh Innealtóir ceannródaí­och ba ea an tAlbanach Alexander Nimmo. Tháinig sé go hÉirinn in 1811 agus d’fhan sé anseo ar feadh an chuid eile dá shaol. Ceapadh mar innealtóir ar Réigiún an Iarthair é agus d’oibrigh sé ar thograí éagsúla as Sligeach go Gaillimh idir 1822 agus 1831. Tógadh os cionn daichead cé faoina mhaoirseac­ht le linn an ama sin. Ar cheann de na céanna is deireanaí a ndearna sé maoirseach­t uirthi tá Cé Nimmo i nGaillimh. Tógadh an ché seo c.1830. Sa samhradh, feictear iascairí ar an gcé go minic. Téann muintir na Gaillimhe ag siúl agus ag rith ar an gcé agus tugann turasóirí cuairt ar an áit chun radharc a fháil ar an gCladach agus ar Chuan na Gaillimhe. Le linn Rás Aigéin Volvo beidh radharc maith ón gcé ar na báid seoil. Freagair na ceisteanna a leanas: 1. Cén ghairm bheatha a bhí ag Alexander

Nimmo? 2. Cén tír arbh as dó? 3. Cén sórt oibre a rinne sé in Éirinn? 4. Cén áit is féidir sampla dá chuid oibre a

fheiceáil?

Bí ag léamh agus ag labhairt! Innealtóir is ea mise le comhlacht beag. Táimid anghnóthac­h i láthair na huaire. Éirím gach maidin ag ceathrú chun a seacht. Ithim bricfeasta ag a seacht a chlog. Téim chun na hoibre ar mo rothar ag leathuair tar éis a seacht.

Tosaím ag obair ar a hocht a chlog. Ólaim cupán tae ag leathuair tar éis a deich agus bíonn lón agam ag leathuair tar éis a dó dhéag. Oibrím go dtí ceathrú chun a cúig. Téim abhaile ar mo rothar agus téim ag rith ansin ar feadh daichead nóiméad. Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat. Ansin, cuirfidh an duine sin na ceisteanna ortsa.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland