Spéaclaí Gréine
Bean Feasa an Fhaisin
Igcúrsaí faisin tá rudaí a bhíonn uainn nach mbíonn ag teastáil uainn ar chor ar bith cosúil le deich bpéire jíons, nó caoga péire bróg ach tá rudaí eile ann, áfach, a bhfuil gá leo cinnte. Ceann de na rudaí tábhachtacha seo d’aon duine is ea spéaclaí gréine (mar atá á gcaitheamh ag Victoria Beckham ar dheis). Cosúil le fón póca, bíonn péire ag nach mór gach duine! Le glúine anuas anois is rudaí thar a bheith praiticiúil agus cosantach iad ach dá gcuirfeá an cheist ar aon bhean déarfadh sí leat go bhfuil siad thar a bheith galánta agus mealltach chomh maith céanna.
Sea, tá spéaclaí gréine iontach tarraingteach. Cuireann siad cuma níos sofaisticiúla ar gach duine láithreach. An é an mistéir atá i gceist go bhfuil súile an duine clúdaithe nó an é go bhfuil spéaclaí gréine chomh gaolmhar sin le daoine áille mór le rá?
Cibé rud atá i gceist leo bíonn péire de dhíth orainn go léir, fiú amháin in Éirinn. Bíonn daoine ann a bhíonn cúramach agus a thugann aire do phéire speisialta amháin a bhíonn acu le blianta fada. Ar an láimh eile, is minic a bhíonn bailiúchán mór ag daoine áirithe, péire a rachaidh le gach culaith sa chófra. Má tá stíl nua á cuardach agat nó má tá sé tábhachtach duit a bheith suas chun dáta leis na stíleanna difriúla ó shéasúr go séasúr, tá roinnt eolais agam daoibh an tseachtain seo.
De ghnáth, fanann treochtaí timpeall ar feadh roinnt blianta ó thaobh spéaclaí gréine de, mar sin tá a lán de na treochtaí a chonaiceamar anuraidh ar ais arís i mbliana. Tá béim mhór, áfach, ar stíl na gcat, is é sin spéaclaí i gcruth súile cait. Tá meon thar a bheith retro i gceist leis an stíl seo a bhí le feiceáil ag Stella McCartney agus an siopa Whistles an séasúr seo, mar shampla. Mar is gnách, tá stíl na spéaclaí móra istigh arís, stíl atá bainteach le haeistéitic Tom Ford ach go háirithe. Sheas dearaí Prada amach dom chomh maith i mbliana le spéaclaí le feiceáil ag dul siar chuig stíl na gcaogaidí, gaol díreach idir iad agus a mbailiúchán éadaí don séasúr seo.
Tá neart spéaclaí le fáil i ndathanna sorbet agus pastail gan dabht, arís mar scáthán ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí éadaigh de. Tá cinn ildaite le feiceáil freisin le héifeacht bogha báistí á chruthú. Cibé stíl a oireann duit, tá neart rogha ann arís i mbliana, seo roinnt atá feicthe agam atá le fáil ar bhuiséad srianta! Seo leagan difriúil ar na cinn bhándearga i bpátrún ainmhí ar €3. Ar deireadh tá stíl retro na gcaogaidí i gceist leis an bpéire seo ó ACCESSORIZE ar €23.50. Spéaclaí gréine: Sunglasses Glúine: Generations Cosantach: Protective Treochtaí: Trends Scáthán: Mirror Blaosc toirtíse Tortoise shell Tá blaosc toirtíse i gceist leis an bpéire seo freisin ó PENNEYS ar €3, cuireann an stíl mhór atá i gceist leo dearaí Tom
Ford i gcuimhne dom. Tagann an péire seo ó NEXT. Bheidís go hálainn i gcomhair laethanta saoire mar chlúdóidís na súile go hiomlán, €14 atá orthu. Ag fanacht le PENNEYS, tá an stíl súile cait i gceist leis an bpéire bándearg seo ar €3.