Irish Independent - Seachtain

Micheál Ó Muircheart­aigh

Saineolaí Spóirt

- Micheál Ó Muircheart­aigh

D’éirigh liom radharc d’fháil i rith na seachtaine ar ord fiúntais na peile mar a samhlaítea­r é dos na déithe i gceartlár an tsamhraidh, Meitheamh 21. Ag dearcadh trén liathróid chriostail, thugas faoi ndeara go raibh néall dearg in uachtar; tar éis scathaimh tháinig fotheideal chun solais ag fógairt ‘Ceithre Chraobh Náisiúnta in Achar Dhá Bhliain agus Dhá Mhí’.

Ní raibh ach aon bhrí amháin le baint as an íomhá ina iomláine; tá Corcaigh in uachtar, fágaigí an bealach.

Bhí fiosracht orm agus gan mhoill d’ísligh mé mo shúile go bhfeicfinn cé bhí ag bagairt ar an dtairngrea­cht a bhí os a gcionn in airde. Bhí boige sa dath gorm ar a rabhas ag stánadh faoin dtráth seo ach ba léir freisin ón síorbhíoga­dh a bhí ag an meall mór gorm go raibh míshuaimhn­eas ag borradh. Shoiléirig­h an mana an scéal domsa – ‘I bhfad Éireann níos Éifeachtaí i mBliana agus ag Tnúth le DianChoimh­lintí’. Áth Cliath gan dabht ar bith!

Bhí an fhís ag éirí níos suimiúla agus bhí fonn orm go dtiocfadh an chéad dath eile chun solais gan mhoill. Ach ní dath amháin a bhí suite go seascair in ionad a trí ach péire – Glas agus Órga. Chruthaigh san a dheacracht féin mar nach iad san dathanna Chiarraí, Liatroma, Dhún na nGall agus na Mí!

Tar éis dul i muinín na bhfocal cad a bhí romham ach – ‘Go Mór, Mór chun tosaigh ar Éachtaí 2011’. Ní raibh sé rófhuirist é a thuiscint i dtús báire ach nuair a bhain aon fhocal amháin geit asam thuigeas an scéal – an focal tosaigh.

Ní foláir nó gur Dún na nGall a bhí faoi chaibidil. An cuimhin libh an cáineadh géar a deineadh orthu anuraidh fiú agus Craobh Uladh ina seilbh?

Cáineadh faoi bhéim thréan bheith ar mhodh imeartha go raibh cosaint mar bhunchloch aige a bhí ann. Níor tugadh aird ar bith ar bhainisteo­ir ‘Jim’ nuair a mhóidigh sé go mbeadh tosaithe sa phlean don athbhliain. Agus, cinnte tá san ann.

Sea, bhíos sásta le fáistine an ghloine leis na Conallaigh sa tríú háit ar an ord fiúntais.

Bhí aiteas ar feadh tamaill ag baint leis an ionad a bhí in áirithe d’uimhir a ceathair ar an liosta. Bhí cuma an fholúntais air ach tháinig líne as dán le hAogán Ó Rathaille i gcabhair orm nuair a dhearcas ar an abairt a bhí scríofa go soiléir faoin bhfolúntas; ‘Gile na Gile do Chonnarc ar Shlí in Uaigneas’.

Bhí ciall ag baint le ‘Cill Dara na Léinteán mBána’. Ach cén chúis go mbeadh uaigneas mar chuid dá bfheachtas?

Bhuel, Cill Dara ba thúisce a ghaibh Corn Mhag Uidhir nuair a tháinig sé ar an bhfód i 1928. Tá cuairt tugtha ag an gCorn ar chúig chontae dhéag eile ó shin ach níor fhill sé riamh ar Chill Dara. Is ar an gCorn atá an t-uaigneas agus tá gliondar air chomh maith mar gur seoladh cuireadh eile chuige ó Chill Dara i mbliana! Pé scéal é, sin agaibh réamhradha­rc ar na foirne do Chluichí Leathchean­nais Éireann i dtús an fhómhair.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland