Níl aon am agam do scannán nua
InGaillimh le tamall anuas, tá jóc faoi leith ag dul timpeall na hoifige ar Bricfeasta le Hector i 2FM. Tá a fhios ag an bhfoireann agus an lucht éisteachta nach mbím ag an bpictiúrlann go minic.
Ní hé go bhfuilim in aghaidh na pictiúrlainne ach níl an t-am le spáráil agam.
Ba bhreá liom dá mbeinn in ann dul ag an bpictiúrlann ag a trí a chlog tráthnóna chun an scannán nua a fheiceáil.
Is éard atá ann ná go bhfuil mé pósta agus go bhfuil páistí agam.
Tá an lá tógtha suas le hobair, ansin na páistí a bhailiú, agus ansin dinnéar, éadaí codlata, leaba agus glanadh suas.
Is é an scannán deireanach a chonaic mé sa phictiúrlann ná Hotel Rwanda in 2004.
Is breá liom na réamhfhógráin nua seo a fheiceáil agus tá mo léiritheoir Alan Swan de shíor ag taispeáint réamhfhógráin nua dom.
Na blockbusters ar fad Avengers Assemble, The Dark Knight Rises, The Girl With The Dragon Tattoo, srl.
Cinnte breathnaíonn siad iontach leis na SFX ach faraor ní bheidh mé ins an bpríomhlíne leis an ngrán rósta.
An t-aon seans a bheas agam ná ar eitleán ag dul thar sáile nó in óstán leis an Pay Per View.
Bhí mé in óstán an tseachtain seo caite ag luí sa leaba ag a 20.45, réidh le scannán nua a fháil ar an Pay Per View.
Bhreathnaigh mé ar an liosta scannán: Clash of The Titans, Shame agus Warhorse.
Bhrúigh mé an cnaipe ar Warhorse, an scannán nua ó Steven Spielberg, agus thosaigh na teidil chreidiúna tosaigh.
Dhá nóiméad isteach sa scannán phreab an fón póca, mo mháthair a bhí ann. Lean an glaoch ar feadh 35 nóiméad agus faoin am a chríochnaigh mé bhí sé gar do 10pm.
Chas mé mo chloigeann ar an bpiliúr agus zzzzzzz... Sin Warhorse caillte ar aon nós.
Dála an scéil ta Hotel Rwanda amuigh anois ar DVD! Meas Mór a chairde. H. Lean an glaoch ar feadh: The call continued for Dála an scéil: By the way