Irish Independent - Seachtain

Ní raibh an sacar rómhaith ach bhí an-chraic againn

- Dáithí Ó Sé

Tháinig agus d’imigh na Euros! An sacar ní an tairgead atá i gceist agam. Ní raibh aon teacht as dúinne go mór mór tar éis chluiche na Spáinne.

Bhíodar i bhfad rómhaith dúinn. Fuaireadar na báirí go héasca. Bhí fir ar an dtaobhlíne acu atá mar chuid dos na himreoirí is fearr ar domhan.

Chuas go Meiriceá an mhaidin a raibh Éire agus an Iodáil le chéile agus bhuaileas le grúpa a bhí ag tabhairt fén bPolainn don oíche agus a fhios acu go raibh deireadh lenár gcomórtas.

Ba chuma leo, bhíodar ag imeacht agus bhíodar chun súp a bhaint as.

Tá an Eoraip ar fad ag caint ar lucht leanta na hÉireann.

Tar éis an stánáil a fháil ón Spáinn bhíomar ann go deireadh agus ina dhiaidh. Chaitheas gáirí a dhéanamh fé chuid de na hamhráin a bhíodar ag canadh agus ag cumadh ar an oíche sa staid.

Ceann acu dírithe ar lucht na Spáinne.

“Tabhair ár gcuid éisc thar n-ais dúinn,” is dócha gur fíor a rá ná raibh leath acu istigh i mbád riamh gan trácht ar líon a tharrac. Bhí ceann eile scríte ar bhrat na hÉireann (níor cheart go mbeadh aon ní scríte ar bhrat na tíre seo dála an scéil): ‘ Angela thinks we’re working’, aríst ag léiriú go dtagann an chraic roimh aon rud eile. Pé rud mar gheall ar shacar sí an chraic a bhuaigh amach ar deireadh.

Tá fuílleach spóirt le teacht an samhradh seo idir Tour De France, Wimbledon agus gan dabht CLG. Dheineas geall dos na cúigí. Corcaigh, an Ghaillimh, Tír Eoghain agus Cill Dara. Fiche euro agus bheadh teacht thar n-ais do chúpla céad agam.

An Ghaillimh a bhí ag imirt ar dtús agus chríochnai­gh mo gheall leo siúd, faraor. Bhí Corcaigh rómhaith do Chiarraí ach níl deireadh le Ciarraí.

Ba mhór an chailliúin­t Brian Sheehan i lár an ghoirt, fear atá ag teacht chuige féin agus ag déanamh ainm dó fhéin i mbliana ach go háirithe.

Bhí tús ana-láidir ag Tír Eoghain agus Cill Dara agus beidh na foirne móra ag faire orthu go géar. Is maith le Ciarraí nuair a bhíonn foirne maithe timpeall mar go dtógann sé an spotsolas díobh fhéin.

Lucht leanta: Supporters Stánáil: Trouncing Scríte: Written Fuílleach: Plenty

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland