Irish Independent - Seachtain

Cócaire cáiliúil in iomaíocht

- Orla Bradshaw

BEIDH cócaire Éireannach mór le rá san iomaíocht i gcomórtas náisiúnta na nealaíon comhraic i Meiriceá an tseachtain seo chugainn agus é mar aidhm aige teideal náisiúnta a thabhairt leis.

D’imir Cathal Armstrong (42) iománaíoch­t ar son fhoireann mionúir Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé ar imirce go Meiriceá. Ar an 3 Iúil, beidh an cócaire seo, a bhfuil béilí réitithe aige do leithéid Barack Obama, ag dul san iomaíocht i gcomórtas náisiúnta Tae Kwon Do in Dallas.

Is fear mór spóirt é Cathal agus tá sé ar bís faoin gcomórtas atá ag druidim leis:

“Nuair a d’fhreastail mé ar Choláiste Eoin, bhí mé i mo chaptaen ar fhoireann iománaíoch­ta na scoile - bhí an-suim agam i spórt i gcónaí.

“I mí Mheán Fómhair 2010, fuair mé amach go raibh mé 218 punt meáchain nuair a chuaigh mé do dtí an dochtúir; bhí mé níos troime ná a bhí mé riamh i mo shaol. Chinn mé go raibh gá dom athruithe a dhéanamh. Thosaigh mé ag freastal ar an giom agus chaill mé an chéad 10 bpunt go héasca. Bhí sé leadránach áfach.

“Bíonn mo pháistí, Eamonn agus Eve, ag freastal ar ranganna Tae Kwon Do. Chuala mé go raibh a múinteoir ag cur ranganna aclaíochta ar fáil agus chinn mé freastal orthu. Tar éis píosa, d’iarr mé air Tae Kwon Do a mhúineadh domsa freisin.

“Is é an comórtas seo in Dallas an ceathrú comórtas a mbeidh mé páirteach ann. Bím i mbun traenála sé lá in aghaidh na seachtaine agus tá 45 punt caillte agam go dtí seo. Tá mé 173 punt meáchain anois, mar a bhí mé nuair a bhí mé i gColáiste Eoin.

Aclaí

“Sular thosaigh mé an spórt seo, dá dtitfeadh mo pheann ar an urlár ní fhéadfainn é a phiocadh suas. Tá mé thar a bheith aclaí arís anois.”

Tá gnóthaí Armstrong ag dul ó neart go neart anois agus cúig bhialann á rith aige. Tá sé i mbun ullmhúchái­n chun a dhara siopa sceallóg a oscailt in Arlington, Virginia.

Chomh maith leis sin, tá Armstrong ag obair ar ‘Chefs as Parents’ fós, feachtas a bhunaigh sé chun athnuachan sláintiúil a dhéanamh ar an mbia a itheann daltaí scoile i Meiriceá.

San iomaíocht: Competing Réitithe: Prepared Chinn mé: I decided Gnóthaí: Businesses I mbun traenála: Training Aclaí: Fit Athnuachan: Renewal

 ??  ?? Rath: Thuas, Cathal (ar dheis PIC: MESHELLE ARMSTRONG) agus é i mbun troda. Sa phictiúr intlise, tá sé féin agus a bhean Meshelle le feiceáil in éineacht le Barack Obama agus a bhean chéile Michelle.
Rath: Thuas, Cathal (ar dheis PIC: MESHELLE ARMSTRONG) agus é i mbun troda. Sa phictiúr intlise, tá sé féin agus a bhean Meshelle le feiceáil in éineacht le Barack Obama agus a bhean chéile Michelle.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland