Irish Independent - Seachtain

Breathnú chun cinn: Bainisteoi­r nua ag teastáil?

- Mícheál Ó Conaola Smaointe Fánacha

Bhí muid ar fad sásta nuair a d’éirigh le foireann sacair na hÉireann cáiliú don chomórtas Euro 2012 atá ar siúl thall sa bPolainn agus san Úcráin ar ala na huaire. Mhol muid an bainisteoi­r, Giovanni Trapatonni, go hard na spéire. Bhí aicsean déanta aige nach ndearna aon fhoireann sacair as Éirinn sa gcomórtas seo le ceithre bliana fichead. Bhí muid ar ais san áit ba dhual dúinn i measc phlúr na náisiún sacair ag coinneáil coic leis an gcuid is fearr acu.

Mar bhí córas cosanta aige nár facthas ó chosain Aodh Dubh Ó Néill baile Chluain Meala ar fhórsaí Chromail i 1650.

Go deimhin bhí uisce go leor imithe le fána ó cuireadh faoi ndeara do Shay Given múscailt as a thromshuan sa gcúl le haon chosaint a dhéanamh. Dhéanfadh muid go maith sa gcomórtas seo. M’anam go ndéanfadh.

Ach ní dhearna. Faraor. Na tréanfhir a chuir smacht ar na Rúisigh thall i gceartlár Mhoscó, chailleada­r a lúd is a rath in am an ghátair. Bhí cúil ag dul isteach thar a chéile. Naoi gcinn ar fad i dtrí chluiche. Ní hamháin sin ach chinn sé orthu féin cúl ar bith a chur amach ach cúl amháin a fuair Seán St Leger in aghaidh fhoireann na Cróite.

Bhí sé an-aisteach. Ba chosúil foireann na hÉireann le dream ar tugadh tuaslagán éigin le n-ól dóibh a chuir cineál faoi gheasa iad ar feadh an ama a rabhadar thall. Trapattoni féin, chinn sé air aon ghearradh a chur iontu. Ní hamháin sin ach is beag seans a thug sé do na himreoirí a bhí fágtha ar an taobhlíne ar feadh an achair. Choinnigh sé leis an seandream i gcónaí fiú nuair ba shoiléir gur ag snámh in aghaidh easa a bhíodar.

Ní hiontas gur i ngan fhios a rinne siad a mbealach thrí aerfort Bhaile Átha Cliath ach a dtáinig siad ar ais. Is dóigh go mba leasc leo aghaidh a thabhairt ar a lucht leanúna a bhí tagtha le fáilte abhaile a chur rompu. Maidir leis an lucht leanúna a rinne a mbealach chun na Polainne tá anchreidiú­int ag dul dóibh. D’fhanadar dílis go dtí bun an angair. Nuair ba láidre a bhí an bháisteach ag clascairt agus muid ceithre chúl ar gcúl in aghaidh na Spáinne, b’ amhlaidh ba thréine a chanadar ‘by a lonely harbour wall, she watched the last star falling, as that prison ship sailed out against the sky’. D’fhanadar dílis go dtí an deireadh.

Ach caithfear breathnú chun cinn feasta. Is ag dul ar gcúl atá ceathrar nó cúigear den fhoireann sin anois agus is léir nach bhfuil tuilleadh acu sách maith don chaighdeán sacair a fheiceann muid ar na scáileáin gach oíche. Caithfear athruithe a dhéanamh. Ní mheasaim áfach gurb é Trapattoni an fear chun muid a tharraingt as an fhaopach. Chlis sé go dona thall sa bPolainn. Ní mór athbhreith­niú a dhéanamh anois ar chúrsaí. B’fhéidir go bhfuil bainisteoi­r nua ag teastáil.

Chinn sé orthu: They failed Go bun an angair: To the bitter end

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland