Irish Independent - Seachtain

Dea-chomhairle maidir le hailse chraicinn

- Orla Bradshaw

TÁ RABHADH tugtha ag bean a tháinig slán ó ailse chraicinn do dhaoine aire a thabhairt dá gcraiceann an samhradh seo.

Sa bhliain 2006, thug an Dr Patricia Eadie, uachtarán Chumann na hÉireann um Máinlianna Plaisteach­a, faoi deara go raibh marc ar bharr a sróine. Craiceann calógach a bhí ann a bhí ag cur fola de shíor.

Rinneadh bithóipse air agus fuarthas amach gur cineál ailse chraicinn a bhí ann.

“Ní raibh ionadh orm,” arsa an Dr Eadie, “toisc go raibh na hairíonna clasaiceac­ha orm.

“Mar dhuine fásta, bím i gcónaí an-chúramach le mo chraiceann, caithim fachtóir cosanta ar an ngrian (SPF) atá an-ard i gcónaí. Caithfear cuimhneamh go bhfuil an ghrian chomh dain- séarach céanna anseo agus atá sí thar lear. Tá an chuma ar an scéal áfach nár chuir mé an t-uachtar gréine orm féin minic go leor, go háirithe nuair a bhí mé níos óige.

“Is é an chomhairle a bheadh agam do dhaoine, má thugann siad faoi deara go bhfuil marc a bhfuil cuma mhínádúrth­a air tagtha ar chuid dá gcraiceann, ba cheart dóibh cuairt a thabhairt ar an dochtúir.”

Coitianta

Tagann ailse chraiceann ar bhreis agus 8,000 Éireannach in aghaidh na bliana; ciallaíonn sé sin gurb í an ailse is coitianta in Éirinn anois í. I roinnt cásanna, tógann sé idir 20 agus 30 bliain ar an ailse forbairt.

Dar le Mike Malone, urlabhraí ó The Mole Screening Clinic i mBaile Átha Cliath, tá líon na gcásanna d’ailse chraicinn in Éirinn idir 1998 agus 2008 tar éis dúbailt.

“Tháinig borradh faoi shaoire thar lear le linn na tréimhse sin. Téann cuid mhór de mhuintir na hÉireann ar saoire chun dath na gréine a fháil. Nuair atá an aimsir go breá sa tír seo fiú, is ag an trá nó sa ghairdín a bhíonn na hÉireannai­gh, ag iarraidh dath na gréine a fháil” arsa Malone.

“Is é an chomhairle atá againn SPF 30 ar a laghad a chaitheamh i gcónaí, an SPF sin a choinneáil in áit fhuar toisc go ndéanann an teas dochar dó agus a bheith airdeallac­h faoi na baill dobhráin atá ar do chraiceann.”

Ailse chraicinn: Skin cancer Airíonna clasaiceac­ha: Classic symptoms Urlabhraí: Spokespers­on Baill dobhráin: Moles

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland