Easaontas: Airgead don aos óg
TÁ EASAONTAS idir baill de pháirtithe an chomhrialtais maidir le híocaíochtaí Leasa Shóisialaigh do dhaoine óga.
Dar leis an Seanadóir Marie Moloney (Páirtí an Lucht Oibre), urlabhraí ar cheisteanna Coimirce Sóisialaí, ní féidir le daoine óga fostaíocht a lorg agus a fháil gan tacaíocht airgeadais de shaghas éigin.
Roinn an Seanadóir a tuairimí le Foinse, tar éis don Aire Stáit Shane McEntee (Fine Gael) a rá, nár cheart don Stát airgead a thabhairt do dhaoine óga mura bhfuil siad páirteach i scéim oibre de shaghas éigin.
Dar leis an Aire McEntee, tá glúin de dhaoine óga á forbairt againn nach bhfuil aon taithí acu ar obair a dhéanamh.
“Níor cheart a leithéid de rud a rá,” arsa Moloney, “toisc nach bhfuil na poist a theastaíonn ar fáil do dhaoine óga sa tír seo. Aontaím leis na híocaíochtaí laghdaithe do dhaoine óga ach teastaíonn roinnt airgid uathu chun a gcuid costas a chlúdach; curriculum vitae a chur le chéile, éadaí oiriúnacha a cheannach d’agallaimh agus eile. Níl an t-airgead ag tuismitheoirí níos mó le tabhairt dá bpáistí. Tá sé d’oibleagáid orainn aire a thabhairt dóibh.”
Léiríonn na staitisticí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, go bhfuil 4,896 duine ar intéirneacht leis an scéim JobBridge. Tá 4,408 ag fáil obair ghearrthréimhseach mar chuid den scéim Tús agus tá 12,373 duine a bhfuil fonn orthu a bheith féinfhostaithe, ag glacadh le liúntas fiontair.
“Tá fonn ar dhaoine óga sa tír seo dul ag obair ach ní féidir leo teacht ar phost. Sin an fáth go bhfuil an méid sin daoine óga ag dul ar imirce. Tá beirt pháistí tógtha agam féin agus ní bheadh fonn orthu a bheith ag fanacht sa bhaile gan aon rud le déanamh acu,” arsa an Seanadóir. Easaontas: Disagreement Glúin: Generation Intéirneacht: Internship Féinfhostaithe: Self-employed