Gaillimh ag fáil faoi réir
Beidh Gaillimh ina lárionad seoltóireachta domhanda, áit a gcuirfear críoch le Rás Aigéin Volvo, an t-imeacht seoltóireachta is mó ar domhan. Beidh an chathair ina sráidbhaile millteach domhanda ón 30 Meitheamh go dtí an 8 Iúil. Beidh féile cheoil, ealaíne, spóirt, chultúir, bhia agus shiamsaíochta sráide naoi lá ar siúl inti a chuirfidh ceiliúradh eipiciúil ar fáil do chuairteoirí agus do sheoltóirí, araon.
Tá an rás – an tríú himeacht spóirt is mó ar domhan i mbliana, le lucht féachana teilifíse timpeall dhá bhilliún duine – ag teacht ar ais go Gaillimh, trí bliana tar éis a chéad chuairte. Críochnóidh sé sa chathair tar éis naoi mí chrua ar an bhfarraige, ag dul trí chúig ilchríoch agus ag trasnú an Atlantaigh, an Aigéin Chiúin, an Aigéin Indiaigh agus an Aigéin Theas.
Beidh príomhfhócas na nimeachtaí do Chríoch Rás Aigéin Volvo ar Shráidbhaile an Ráis Aigéin sa chathair, áit a mbeidh pictiúrlann 3D, ionsamhlóir Volvo 70, liathróidí aeir, cnámharlach farraige, seastáin lamháltais, beáir agus dhá ardán agus an Sráidbhaile Domhanda, a thógfar trasna an chuain ar 17 n-acra. Is é seo an lárionad a bheidh ag go leor de na gníomhaíochtaí lena n-áirítear sráidbhaile mór millteach bia, comhdhálacha gnó agus laethanta idirnáisiúnta.
Beidh imeachtaí ar siúl in áiteanna eile sa chathair chomh maith lena n-áirítear an Fhaiche Mhór, Bóthar na Trá agus an Pháirc Theas, agus beidh seónna iontacha ar siúl in Amharclann Halla an Bhaile.
Ceol agus siamsaíocht sráide
Beidh gach cineál ealaíne le feiceáil ag an bhféile – ceol beo, amharclannaíocht sráide, damhsa, taispeántais, suiteálacha, cainteanna agus tuilleadh. Ar an gcéad oíche den fhéile an 30 Meitheamh, beidh Maverick Sabre, duine de na hamhránaithe is fearr in Éirinn, Sharon Shannon le ceolfhoireann speisialta 42 píosa, agus The Stunning, a bhfuil 25 bliain i mbun ceoil á cheiliúradh acu, ag seinm. Beidh an fuirseoir Dara O’Briain le feiceáil sa Sráidbhaile Domhanda.
Ar an 1 Iúil beidh Céilí Mór ar siúl sa Sráidbhaile Domhanda agus beidh Aprés Match ag craoladh beo ón Airéine Domhanda sa Pháirc Theas agus iad ag déanamh anailíse ar chluiche ceannais Euro 2012. Ar an 6 Iúil reáchtálfar an Bailiúchán Dearaidh Idirnáisiúnta sa Sráidbhaile Domhanda, seó faisin iontach ina mbeidh bailiúcháin couture ó dhearthóirí cáiliúla ón deich dtír atá páirteach i Rás Aigéin Volvo, mar aon le bailiúcháin ó dhearthóirí Éireannacha fadbhunaithe agus nua.
Ar an 8 Iúil beidh Tráthnóna i Vín – tráthnóna de shárcheol ceolfhoirne le Ceolfhoireann Féile na Slóvaice a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu agus an teanór Sean Costello agus an Soprán Claudia Boyle. Ag an am céanna beidh taispeántas damhsa ó Youth Ballet West dar teideal ‘Alice Underground’ ar siúl in Amharclann
Halla an Bhaile ar an 5 agus 6 Iúil.
Bíodh féasta agat sa Phailliún Bia
Beidh na táirgí bia agus dí Éireannacha is fearr le feiceáil sa Phailliún Bia sa Sráidbhaile Domhanda. Beidh na cócairí agus na gairmithe cócaireachta is fearr in Éirinn le feiceáil in Amharclann na Cistine, áit a dtabharfaidh siad taispeántais le téamaí difriúla, lena n-áirítear 'Mionchócairí’ Ceardlanna Bia do Leanaí, áit a bhfoghlaimeoidh siad agus a noibreoidh siad le taobh na gcócairí is fearr in Éirinn chun a mbua agus a mblaslóga a fhorbairt. Beidh réimse álainn de tháirgí bia ar fáil sa Mhargadh Bia Ceardaí agus riarfar réimse leathan de bhia Éireannach gach lá i mBialann an Chladaigh. Beidh Gairdín Domhanda an Phailliúin Bhia ann chomh maith, áit spraíúil, oideachasúil ina mbeidh leanaí in ann síolta a chur.
Ar an Uisce!
Ná dearmad gurb í an tseoltóireacht príomhthéama na féile! Ar an 30 Meitheamh beidh iontas le feiceáil ar an bhfarraige nuair a rachaidh dabhaí as Abú Daibí chun rásaíochta le Húicéirí na Gaillimhe. Tar éis an rása seo, beidh suas le 100 bád páirteach i bParáid na Seolta.
Táthar ag súil leis an gcabhlach ar an Máirt an 3 Iúil (ag brath ar an aimsir!) agus cuirfidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, fáilte roimh na criúnna go Gaillimh. Ar an 5 Iúil, tiocfaidh na scipéirí, seoltóirí agus daoine a bhfuil suim acu i loingseoireacht ar fad le chéile i gcomhair oíche Féasta agus Spraoi san Airéine Domhanda. Tá an rásaíocht Pro-Am ar siúl ar an 6 Iúil i gCuan na Gaillimhe, áit a rachaidh daoine amaitéaracha in ionad leath den fhoireann ghairmiúil i ngach rás.
Tar éis naoi mí, naoi gcéim den rás agus 39,000 míle loingseoireachta, beidh gach rud ag críochnú le Rás sa Phort ar an 7 Iúil a chraolfar beo chuig 70 tír ar fud an domhain. Seolfaidh an cabhlach ar feadh uair an chloig timpeall ar chúrsa atá gar don talamh. Beidh radharc iontach agat feadh an chósta i mBóthar na Trá agus i mBearna.
Tar éis an rása, fógrófar buaiteoir foriomlán Rás Aigéin Volvo 2011/2012. Beidh an searmanas dúnta ar siúl an 8 Iúil le Cóisir Dheireadh na Féile ag an Airéine Domhanda. Beidh go leor ceoltóirí ar an stáitse chun slán a fhágáil ag na báid agus clabhsúr a chur ar chríoch an rása i nGaillimh.
Beidh Gaillimh Idirnáisiúnta!
Ceann de na gnéithe is mó den fhéile Volvo i mbliana is ea go dtabharfar lá ar leith do gach tír a ndeachaigh an rás tríd ar a bhealach go Gaillimh. Díreofar ar thír amháin gach lá sa Sráidbhaile Domhanda agus i Sráidbhaile an Rása Aigéin, agus déanfaidh codanna áirithe den chathair ionadaíocht ar an tír sin le linn na féile ar fad. Is é seo an t-am is fearr chun cuairt a thabhairt ar Ghaillimh agus a bheith páirteach sa cheiliúradh.
Téigh chuig www.discoverireland.ie/volvo
chun tuilleadh eolais a fháil.
Ionsamhlóir: Simulator Seastáin lamháltais: Concession stands Suiteálacha: Installations A mblaslóga: Their taste buds Cabhlach: Fleet Foriomlán: Overall Ionadaíocht: Representation