Páirceáil, Fan agus Eitil le Bewley's Hotel, BÁC
Is cinnte gur bealach iontach é seo le tús nó deireadh a chur le do thuras
Seans gur thug tú faoi deara gur luaigh mé Bewley's i gcuid de m'ailt mar go neitlím as Baile Átha Cliath minic go maith. Luaim iad mar go gcuireann siad seirbhís mhaith ar fáil go seasta chomh maith le luach den scoth ar airgead, a chinntíonn go bhfuil an tús is fearr is féidir ag do laethanta saoire.
Tá an tairiscint Park, Stay and Fly in Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath chomh maith agus chomh simplí agus is féidir. Níl le déanamh ach do charr a pháirceáil ag an óstán aerfoirt seo, a mbíonn an-tóir i gcónaí air (cuirimse in áirithe roimh ré é i gcónaí), súp a bhaint as oíche shuaimhneach san óstán agus d'fheithicil a fhágáil ann go dtí go bhfilleann tú. Is féidir leat léim ar an tseirbhís bhus 24 uair atá saor in aisce ansin agus tairbhe a bhaint as an raon mór deiseanna siopadóireachta atá ar fáil ag Críochfort an Aerfoirt.
Féadfaidh tú lóistín oíche agus pacáiste páirceála 3 lá a fháil ó €75, atá foirfe do dheireadh seachtaine fada. Nó má tá tú le bheith as baile níos faide ná sin d'fhéadfá an pacáiste páirceála 8 lá a fháil ar an gcostas íseal de €89 nó má tá saoire níos faide arís beartaithe, d'fheilfeadh an pacáiste páirceála 15 lá ó €129 duit. Ná lig don trácht chuig an aerfort cur isteach ort agus sroich an t-aerfort gan aon anró agus réidh don taisteal. B'fhéidir go bhfuil tú ag ceapadh nach bhfeileann sé seo ach do bheirt ag taisteal, ach tá Bewley's tar éis cuimhneamh air sin freisin! Ar €10 breise féadfaidh tú seomra teaghlaigh a fháil do cheathrar.
Bainim féin úsáid as an tseirbhís seo go rialta – mar scríbhneoir taistil, ar ndóigh, bím as baile níos minice ná an gnáthdhuine agus tá a fhios agam gur cuma má thagaim go Baile Átha Cliath luath ar maidin ag 2am mar shampla nó deireanach tráthnóna, beidh mo sheomra réidh agus beidh spás san óstán dom. Agus toisc go bhfuil an-aithne agam ar an óstán tá a fhios agam go mbeidh pé seomra a thugtar dom iontach glan, geal agus mór.
Tá na hacmhainní riachtanacha uile sna seomraí ar fad:
Áiseanna déanta Tae/Caife WiFi saor in aisce Triomadóir Gruaige Gutháin Diailigh Díreach Deasc agus Cathaoir Oibre Earraí Maisíochta sa Seomra Folctha Teilifíseán Rogha de phlocóidí Eorpacha agus Éireannacha Iarann agus Clár Iarnála Cosc ar thobac sna seomraí Taisceadán saor in aisce
Meaisín Oighir saor in aisce ar gach urlár Oifig fáilte 24 uaire an chloig Bialann den scoth Tairiscint do bhricfeasta luath
Anois, tá an liosta thuas thar barr. Agus nuair a chuimhníonn tú go raibh mé in óstán 5 réalta le déanaí inar chosain leac oighir don seomra €5 an turas agus inar chosain iarann agus clár iarnála €10, is léir go gcuireann Bewley's luach iontach ar airgead ar fáil.
Agus díreach nuair a cheapann tú nach féidir é a fheabhsú, tá Bewley's tar éis Svuíteanna a thabhairt isteach. Tá siad seo ina measc: Svuít Claddagh, Svuít Ardagh, Svuít Tara.
Tá na sonraíochtaí is fearr is féidir sna svuíteanna áille seo. Is é buaicphointe gach svuíte an spás mór urláir agus an leaba rí shómhar. Tá scoth na só le fáil sna
Csvuíteanna iontacha seo. Tá galántacht agus compord sa décor a chruthaíonn atmaisféar suaimhneach. Féadfaidh tú suí siar agus taitneamh a bhaint as an tolglann atá cumhdaithe go saibhir agus as an teilifíseán LCD 42” úrscothach.
Agus le cur leis an ollmhaitheas, tá doirteal dúbailte agus cithfholcadán báistí siúil isteach ann sna seomraí folctha móra áille. I measc na ngnéithe eile tá vardrúis siúil isteach, fuinneoga ón urlár go dtí an tsíleáil, áiseanna tae/caife, agus na gnáthearraí a bhíonn sna seomraí caighdeánacha. osnaíonn uasghrádú go svuít €60. Is féidir le gach óstán seomraí iontacha a chur ar fáil, ach ní bhaineann turas go hóstán leis na seomraí amháin. Tá tábhacht ag baint leis an mbia agus leis an bhfoireann freisin, agus arís, tá neart taithí agam orthu sin san óstán seo. Tá sé
Is cuma má tá tú ag taisteal ar chúrsaí gnó nó ar laethanta saoire, is cinnte go nguífear gach rath ort.”
tábhachtach seomra iontach a bheith ann agus tá an tábhacht chéanna le bia iontach agus tá Bewley's tar éis cuimhneamh air seo freisin. Tá an-tóir ar an Brasserie Restaurant do cheiliúradh teaghlaigh, d'oícheanta rómsánsúla agus do 'lóin oibre' thábhachtacha. Áit iontach é freisin le greim bia a fháil sula n-eitlíonn tú ó Aerfort Bhaile Átha Cliath nó chuig an aerfort.
Cuirtear rogha neamhfhoirmiúil ar fáil anseo. Tá réimse leathan miasa deachóirithe ar fáil a chloíonn le coincheap na cistine. Léiríonn tionscnamh a seoladh in 2010 an bhéim a bhíonn ar tháirgí a fhaightear go háitiúil agus atá inbhuanaithe a úsáid. Ullmhaítear an bia ar fad go húr agus deartar na biachláir bunaithe ar an séasúr. Tá an-bhaint ag seirbhís den scoth le rath Bewley's agus dá bharr sin tá bricfeasta sciobtha agus seirbhís spólainne/buifé ar fáil am lóin agus am dinnéir chun seirbhís ghasta phrap a chinntiú.
Is cuma má tá tú ag taisteal ar chúrsaí gnó nó ar laethanta saoire, is cinnte go nguífear gach rath ar an taisteal ó Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus níos tábhachtaí fós go gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhat nuair a fhilleann tú ar Bhaile Átha Cliath. Is féidir seomra a chur in áirithe ag www.bewleyshotels.com nó trí Íosghlao a chur ar 1890 79 89 99. Go seasta: Constantly Críochfort an Aerfoirt: The airport terminal Úrscothach: State of the art Inbhuanaithe: Sustainable Seirbhísí spólainne: Carvery services