Irish Independent - Seachtain

Blag Scannán

JOYFUL NOISE (PG)

- - Úna Ní Eidhin

IS SCANNÁN ceoil é seo ach gur saghas dráma é freisin, faoi chór séipéil i mbaile beag i Meiriceá. Mar aon le go leor áiteanna eile i láthair na huaire sa saol ceart, is scéal é seo faoi bhaile beag darb ainm Pacashau, in Georgia, a bhíonn i gcruachás ceart le heaspa oibre, srl. Bíonn muintir an cheantair ag brath ar an gcór sa séipéal áitiúil – Divinity – leis na daoine a choinneáil ag imeacht agus iarracht a dhéanamh gliondar a chur ina gcroíthe lena gcuid amhránaíoc­hta. Bítear ag súil freisin go n-éireoidh leis an gcór an comórtas náisiúnta, Joyful Noise, a bhuachan.

Bíonn beirt bhan ag iarraidh a bheith i gceannas ar an gcór agus bíonn siad ag dul i ngleic lena chéile. Ní aontaíonn siad ar rud ar bith ar dtús agus má deir duine acu rud éigin, déarfaidh an duine eile a mhalairt sin. Teastaíonn ó Vi Rose Hill (Queen Latifah, thall ar dheis), a cheaptar mar an stiúrthóir nua ar an gcór, go leanfaí ar aghaidh leis an stíl thraidisiú­nta ach teastaíonn ó G.G. Sparrow (Dolly Parton, ar dheis) go ndéanfaí úsáid a bhaint as stíl níos nua-aimseartha.

Mura raibh cúrsaí sách dona idir na mná seo, cruthaítea­r oiread eile coimhlinte eatarthu nuair a thagann garmhac G.G., Randy, chuig an mbaile beag agus bíonn a shúil aige ar iníon Vi Rose, Olivia.

I measc na n-aisteoirí eile sa scannán, tá Jeremy Jordan, Keke Palmer agus Kris Kristoffer­son. Beidh sé le feiceáil i bpictiúrla­nna ón 29 Meitheamh ar I gcruachás: In difficulty Gliondar: Joy A mhalairt sin: The opposite Garmhac: Grandson

 ?? PIC: ALCON/VAN REDIN ?? aghaidh. Téigh chuig www.foinse.ie chun an réamhfhógr­án a fheiceáil agus tuilleadh faoi scannáin eile freisin.
PIC: ALCON/VAN REDIN aghaidh. Téigh chuig www.foinse.ie chun an réamhfhógr­án a fheiceáil agus tuilleadh faoi scannáin eile freisin.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland