Irish Independent - Seachtain

Roghanna na coitiantac­hta 2012: Evans agus Wiggins

- PJ Mac Gabhann

Ná habair liom go bhfuil cúig bliana is fiche caite ó bhuaigh Stephen Roche an Tour de France sa bhliain 1987. Bhí laochra go leor againn sa tír an tráth sin. Ba í sin an bhliain inar bhuaigh Johnny Logan an Comórtas Eoraifíse den dara huair leis an amhrán Hold Me Now. Agus is i 1987 a foilsíodh an leabhar The Commitment­s ón údar Roddy Doyle.

Ó thaobh cúrsaí spóirt de, d’éirigh le foireann peile na Mí an bua a fháil ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann (1-14 v 011) i 1987. Rug iománaithe na Gaillimhe Corn Mhic Cárthaigh leo in aghaidh Chill Chainnigh (1-12 v 09) an bhliain chéanna. Agus suimiúil go leor, is iad an Mhí agus Gaillimh a bhí ina seaimpíní uileÉirean­n an bhliain dár gcionn freisin.

Tá cuimhne mhaith agam go fóill ar an gcoimhlint ghéar a bhí idir Roche agus Pedro Delgado le linn Tour na bliana 1987.

Ceathracha soicind farasbarr a bhí ag Roche ar a chéile comhraic nuair a cuireadh críoch leis an rás ar na Champs Élysées tar éis trí seachtaine rásaíochta.

Ach Roche a bhí chun tosaigh, an t-aon Éireannach riamh a bhuaigh an Tour de France.

Beidh mac Stephen Roche, Nicolas, i measc na n-iomaitheoi­rí sa Tour de France arís i mbliana i ndiaidh dó críochnú sa chúigiú háit déag in 2010 agus sa chúigiú háit is fiche anuraidh.

Lena chois sin, beidh Dan Martin, mac deirféar Stephen, san iomaíocht den chéad uair riamh sa Tour. Is fada an lá ó chonacthas beirt as Éirinn páirteach sa Tour de France.

Tá a chuid ullmhúchái­n déanta ag Roche agus é déanta go maith aige. Chríochnai­gh sé sa deichiú háit sa Tour de Suisse deich lá ó shin agus thug sé taispeánta­s maith uaidh sa Tour of California i mí na Bealtaine seo caite áit ar chríochnai­gh sé sa naoú háit déag. Buntáiste mór atá ag Roche ná go bhfuil an Tour déanta faoi dhó aige. Tuigeann sé céard atá roimhe.

Mura bhfuil an taithí chéanna ag Dan Martin ar bhóithre na Fraince le linn mhí Iúil is atá ag Nicolas Roche, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil a chuid seansanna féin aige sa Tour i mbliana. Dhá Vuelta a España atá déanta aige le trí bliana anuas. Agus chríochnai­gh sé san aonú háit déag in Vuelta na bliana seo caite. Ina theannta sin, is breá leis na sléibhte.

Cuirfear tús leis an Tour de France 2012 Dé Sathairn i gcathair Liège in oirthear na Beilge. Is tír í an Bheilg ina gcuirtear an-suim go deo sa rásaíocht rothair ar bhóithre agus laochra go leor rothaíocht­a ann ar Beilgigh iad - Eddy Merckx, mar shampla, a bhuaigh an Tour de France cúig uaire idir 1969/1974 agus Lucien Van Impe a bhuaigh an Tour i 1976.

Is iad Cadel Evans (Foireann rásaíochta BMC, thuas), buaiteoir na bliana seo caite, agus Bradley Wiggins (Sky) roghanna na coitiantac­hta don rás i mbliana. Ach ní miste súil ghéar a choimeád ar leithéidí Fränk Schleck (RadioShack-Nissan), Robert Gesink (Rabobank) agus Samuel Sanchez (Euskaltel-Euskadi) gan ach triúr eile a lua.

Foilsíodh: Was published Farasbarr: To spare A chéile comhraic: His fellow competitor Lena chois sin: As well as that Roghanna na coitiantac­hta: The favourites

 ?? PIC: REUTERS/STEFANO RELLANDINI ??
PIC: REUTERS/STEFANO RELLANDINI
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland