Mo bhreithiúnas don chluiche ceannais
GAN ACH ceithre fhoireann fágtha anois, seo chugaibh réamhamharc ar an dá chluiche leathcheannais.
An Spáinn v An Phortaingéil
Éacht den scoth a bheadh ann dá bhféadfadh foireann Vicente del Bosque an Corn a ardú Dé Domhnaigh seo chugainn.
I gcoinne na Fraince, níor imir siad go hiontach ach ní raibh mórán amhrais faoin toradh ón soicind a scóráil Xavi Alonso sa chéad leath.
Tá a fhios againn go léir cad a tharla i gcoinne na nÉireannach agus cé gur chruthaigh an Chróit deacrachtaí dóibh, is léir gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta leis an gcomórtas a bhuachan.
Níl ach cúl amháin ligthe isteach acu go dtí seo (cé a dúirt go raibh siad sobhriste ag cosaint?). Go dtí seo, tá siad ag taispeáint go bhfuil siad maith go leor chun a dtríú comórtas as a chéile a bhuachan.
Má theastaíonn ón bPortaingéil mórshuaitheadh a chruthú, beidh siad ag brath go mór ar Cristiano Ronaldo. Ba é Ronaldo a scóráil dhá uair i gcoinne na hÍsiltíre chun na Portaingéalaigh a thabhairt ar ais sa chluiche. Scóráil sé arís i gcoinne Phoblacht na Seice sa bhabhta ceathrúceannais agus tá a fhios againn go léir cé chomh cruthaitheach is atá sé agus an liathróid aige. I ndeireadh na dála, má theastaíonn uathu an cluiche ceannais a shroicheadh, beidh orthu plean a chur le chéile chun stop a chur le ceannasaíocht na Spáinneach. Beidh Iniesta, Xavi Alonso, srl, maith go leor chun aon phlean mar seo a stopadh.
Breithiúnas: An Spáinn
An Iodáil v An Ghearmáin
Bhí bua tuillte ag an Azurri i gcoinne na Sasanach i gCív. Thaispeáin siad an meon ceart ón nóiméad a thosaigh an cluiche agus ba iad a chruthaigh na seansanna ab fhearr. Éagóir a bheadh ann dá gcaillfidís.
Roimhe sin, léirigh siad an cumas a bhí acu mar chosantóirí i gcoinne na Spáinne agus go raibh siad dainséarach ó am go chéile i gcoinne na Cróite agus na hÉireann. Braithfidh siad go mór ar leithéidí Andrea Pirlo, laoch na himeartha i gcoinne Shasana. Bhí seansanna den scoth ag Balotelli chun laoch a dhéanamh de féin cúpla uair i gcoinne fhoireann Roy Hodgson.
Mar sin féin, tá cuma dhainséarach ar an nGearmáin sa chomórtas seo. I gcoinne na Gréige, ní raibh siad sásta nuair a bhí siad 2-1 chun cinn. Theastaigh níos mó uathu, agus scóráil siad cúil iontacha eile ina dhiaidh sin. Le Mario Gomez ag imirt chomh maith sin agus cuma éifeachtach orthu ar fud na páirce, tabharfaimid an nod dóibh chun an cluiche ceannais a shroicheadh.
Agus b’fhéidir gurb iad an t-aon fhoireann iad ar féidir leo stop a chur leis an Spáinn.
Breithiúnas: An Ghearmáin Réamhamharc: Preview Mórshuaitheadh: Major upset Cruthaitheach: Creative