Irish Independent - Seachtain

Dearbaí na hÉireann

- Ciarán de Barra

AN DEIREADH seachtaine seo chugainn beidh an lá is mó rásaíocht den bhliain ar siúl ag Ráschúrsa an Churraigh agus Dearbaí na hÉireann ar siúl ar an Satharn.

Den chéad uair riamh, beidh an rás é féin ar siúl tráthnóna Sathairn ag 7.30 in.

Beidh Camelot mar rogha láidir na coitiantac­hta don rás ag praghas de 1/4 agus tá an praghas sin tuillte aige le buanna sa Rás 2000 Gine, agus Dearbaí Shasana.

Mar sin féin, níl mórán buaite aige i mbliana agus caithfidh gur bhuaigh sé an Dearbaí Epsom ba laige le cúpla bliain anuas.

Níl aon amhras ach gur sárchapall é agus is anéacht an dá rás sin a bhuachan, ach beidh mé ag fanacht go dtí go dtéann sé in iomaíocht in aghaidh capaill níos sine ná é sula mbeidh mé sásta comparáid a dhéanamh idir é agus Sea the Stars, a rinne an t-éacht céanna trí bliana ó shin.

Láidir

I mo thuairimse, is rás i bhfad níos láidre é Dearbaí na hÉireann i mbliana ná Dearbaí Shasana agus beidh ar Camelot a bheith ar bharr a mhaitheasa chun an lámh in uachtar a fháil ar leithéidí Speaking of Which, Light Heavy agus Akeed Mofeed.

Is dóigh liom go mbuafaidh Camelot ach ní bheinn ag moladh d’aon duine go raibh luach ag baint lena phraghas.

Sílim go bhfuil luach ag baint le praghas Speaking of Which, agus cé nach bhfuil sé ag rith chomh maith le Camelot, is capall é a bhfuil gach rud déanta go maith aige go dtí seo.

Níl ach trí rás rite aige agus bhuaigh sé a thús deireanach, Rás Gallinule, go han-réidh thar achar deich staid ar thalamh maith ag an gCurrach.

An lá sin ag an gCurrach cheap mé go raibh capall maith feicthe agam agus bhí an chuma ar Speaking of Which go bhfeilfead­h achar an dearbaí dó cé gur mac le Invincible Spirit é.

Beidh go leor capaill dheasa eile san iomaíocht ar nós Parish Hall a bhuaigh an Dewhurst anuraidh.

Beidh sé an-deacair don iomaíocht an lámh in uachtar a fháil ar Camelot ach is maith liom seansanna Speaking of Which atá á thraenáil ag Dermot Weld chun rás mór a rith.

Seans

Tá cuma mhaith ar chapaill Dermot Weld faoi láthair agus beidh seans mór ag a láir ceithre bliana d'aois; Sapphire, sa Rás Pretty Polly ar an Domhnach. I gcodarsnac­ht le Speaking of Which, is maith léi roinnt taise sa talamh. Bhuaigh Sapphire Rás Noblesse i gCorcaigh thar achar míle go leith agus bhuaigh sí go fíoréasca ar an lá. Níl Rás Pretty Polly ach deich staid ach tá neart luais ag Sapphire chun rás mór a rith.

Sa Dearbaí, ní dóigh liom go gcaillfidh Camelot, ach ní bheidh sé chomh héasca dó is a bhí in Epsom. Beidh capaill Dermot Weld agus Feirm Moyglare; Speaking of Which agus Sapphire réidh chun rásaí móra a rith an deireadh seachtaine seo agus tá seans go mbeidh luach ag baint lena chuid praghsanna. Dearbaí na hÉireann: Irish Darby San iomaíocht: Competing Láir: Mare

 ?? PIC: RAY MCMANUS / SPORTSFILE ?? Chun cinn: An capall, Sea The Stars agus an marcach, Mick Kinane.
PIC: RAY MCMANUS / SPORTSFILE Chun cinn: An capall, Sea The Stars agus an marcach, Mick Kinane.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland