Irish Independent - Seachtain

‘Níl misneach ag na húdaráis pheile in Éirinn’

- Gearóid Ó Muilleoir

Tá rogha le déanamh ag na húdaráis pheile in Éirinn – ach níl misneach acu an rud ceart a dhéanamh.

Is é sin Giovanni Trapattoni a chur ar ais chun na hIodáile le go dtiocfadh leis tráthnóna a shaoil a chaitheamh ar bhruacha Loch Garda.

Níl John Delaney (thíos) agus a chairde ag iarraidh dhul i ngleic leis an chnámh spairne seo mar níl cnámh droma acu féin. Tá siad faoi láthair ag glacadh leis an rogha furasta, is é sin rudaí a fhágáil mar atá.

Níl muintir na hÉireann sásta leis na torthaí damanta sin sa Pholainn ar ndóigh, ach cloífidh siad leis an fhoireann.

Nuair a thosóidh an feachtas úr fá choinne Chorn an Domhain i gceann dhá mhí, beidh siad arís ag taisteal fud fad na hEorpa ina sluaite agus beidh an Aviva lán go béal.

Nach mbeidh? Ní bheidh. Tá dochar i bhfad Éireann níos measa déanta ag Trap sa Pholainn.

Tá an nasc sin idir an lucht tacaíochta agus an fhoireann, a thosaigh nuair a ceapadh Jack Charlton ina bhainisteo­ir i 1986, briste.

Roimhe sin, ní raibh an tArm Glas ach ina chathlann. Tá an nasc sin bunaithe, ní ar an tírghrá amháin, ach ar an chreidiúin­t go dtiocfadh leis an fhoireann an fód a sheasamh le foirne móra an domhain.

Iad a bhualadh corruair fiú.

Agus nuair a bhuailfidh an Ghearmáin muid i mBaile Átha Cliath ar an 12 Deireadh Fómhair – agus faoi Trap, níl aon rud níos cinnte – beidh deireadh leis an chaidreamh speisialta sin a chuir 30,000 Éireannach chun na Polainne an samhradh seo.

Tá grá againne dár dtír agus dár bhfoireann, ach ní amadáin muid. Beidh an dóchas múchta.

Ní fheicfidh Delaney arís a leithéid d’imirce phobail is a chonaic sé an samhradh seo.

Is breá le fir óga na hÉireann giota craic – go háirithe nuair atá sé ar fáil i bhfad i gcéin.

Ach níl siad sásta iad féin a náiriú os comhair an tsaoil mhóir.

Faoi Trap, tá muid in áit na leathphing­ine. Agus má tá fianaise de dhíth ar Delaney, beidh sé le feiceáil go soiléir ar na suíocháin fholmha san Aviva.

Tacaíocht

Ar ais linn chuig an dá chluiche is mó tacaíocht sa tír, buíochas le Dia.

Deir daoine nach dtosaíonn an chraobh náisiúnta pheile agus iománaíoch­ta go dtí i ndiaidh an lá saoire bainc i Mí Lúnasa.

Ach tá an iomaíocht idir na contaetha ag éirí níos géire, más féidir é.

Tá an aimsir go holc, ach má tá seó ann mar a thug peileadóir­í an Dúin agus iománaithe Thiobraid Árann dúinn an deireadh seachtaine seo caite, tá samhradh breá te romhainn. Misneach: Courage Sluaite: Crowd Dochar: Damage An tsaoil mhóir: The world Náiriú: Humiliatio­n Is mó tacaíocht: The largest support

 ?? PIC: ARTHUR CARRON/COLLINS ??
PIC: ARTHUR CARRON/COLLINS
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland