Réamhamharc ar na cluichí leathcheannais
Tá neart imreoirí ag teacht chun cinn go dtí seo i mbliana
Paddy Ó Gríofa IMREOFAR trí cinn de chluichí leathcheannais cúige ag an deireadh seachtaine, ceann i gCúige Uladh tráthnóna Dé Sathairn, agus cluichí leathcheannais Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach.
Tráthnóna Dé Sathairn i gCluain Eois, beidh Dún na nGall agus Tír Eoghain le chéile, dhá fhoireann a chas ar a chéile ag an tráth céanna anuraidh.
Níl aon dabht, ag breathnú ar na taispeántais a thug Dún na nGall i gcoinne an Chabháin agus Dhoire, ach go bhfuil siad ag ionsaí i bhfad níos gasta i mbliana agus go bhfuil breis imreoirí ag briseadh chun cinn.
Tá córas cosanta eagraithe acu i gcónaí, agus dá bharr sin beidh sé deacair an lámh in uachtar a fháil orthu.
Beidh súil acu Rory Kavanagh a bheith ar fáil dóibh ar an Satharn. Tá a thuilleadh gortuithe ag cur as do Thír Eoghain agus neamhchinnteacht faoi Justin McMahon agus Dermot Carlin don chluiche seo.
D’imir siad peil mhaith i gcoinne Ard Mhacha, go háirithe Joe McMahon agus Colm Cavanagh i lár páirce, agus Penrose, O’Neill, agus Mulligan sa líne lántosach.
Líne lántosach
Braithfidh go leor ar an Satharn ar cén tseirbhís a bheidh Tír Eoghain ábalta a thabhairt don líne lántosach sin.
Sa chéad cheann de chluichí leathcheannais Laighean i bPáirc an Chrócaigh, beidh an Mhí agus Cill Dara i gcoinne a chéile, agus Cill Dara mar rogha láidir na coitiantachta.
Mar sin, beidh brú ar Chill Dara ag dul isteach sa gcluiche seo agus ní bheidh faic le cailleadh ag an Mhí agus gan aon duine ag tabhairt seans dóibh.
Cé nach raibh siad go maith sa tsraith agus an chéad lá i gcoinne Cheatharlach, tá peileadóirí acu ar nós Ward, Sheridan, Farrell agus Graham Reilly a chruthódh deacrachtaí d’fhoireann ar bith.
Bhí Conor Gillespie go maith i gcoinne Cheatharlach agus beidh le feiceáil an dtosóidh Peter Byrne i ndiaidh dó dhá chúl a fháil sa gcluiche sin.
Níl a fhios fós an mbeidh Eamonn Callaghan ar fáil do Chill Dara, agus bheifeá ag súil go mbeadh an lámh in uachtar ag Cill Dara anseo, ach caithfidh siad a bheith ar a n-aire.
Sa dara cluiche leathcheannais, beidh Baile Átha Cliath i gcoinne Loch Garman agus a ndóthain le déanamh ag foireann an Oirdheiscirt, go háirithe agus an cumas a léirigh Baile Átha Cliath ina mbua ar Lú.
Beidh Jason Ryan sásta go maith gur tháinig siad tríd an gcluiche i gcoinne an Longfoirt i ndiaidh athimeartha ach is teist eile é seo.
Deacrachtaí
Cé gur Chruthaigh siad deacrachtaí do Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Laighean na bliana seo caite agus sa chéad bhabhta an bhliain roimhe sin, tá dul chun cinn mór déanta ag Baile Átha Cliath ó thaobh láidreachta de agus tá bua na bliana seo caite i ndiaidh breis féinmhuiníne a thabhairt dóibh.
Bheifeá ag ceapadh go bhfaighidís an ceann is fearr ar Loch Garman Dé Domhnaigh, go háirithe agus an cumas a léirigh tosaithe ar nós Kevin McManamon, Diarmuid Connolly agus na Brógánaigh i gcoinne Lú. Bí cinnte réamhamharc CLG na seachtaine seo go léir a léamh ar leathanach 15.