Iompraíocht ghnéasaithe i leanaí an-óg
Imní léirithe faoin nglúin seo de leanaí mar thoradh ar thuarascáil scanrúil
TÁ IOMPRAÍOCHT ghnéasaithe le feiceáil i bpáistí atá chomh hóg le sé bliana d’aois, dar le tuarascáil nua a fhoilseofar ag deireadh na míosa seo.
Tá sé deimhnithe ag an gcarthanas, ‘Children At Risk In Ireland’, do Foinse go bhfuil fianaise nua acu, fianaise a chuirfidh alltacht ar thuismitheoirí ar fud na tíre.
Beidh na pointí seo le sonrú san ábhar a fhoilseofar:
Le trí bliana anuas, tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a ghlaoigh ar líne chabhrach CARI agus iad imníoch faoi iompraíocht ghnéasaithe a bpáistí.
Tá iompraíocht ghnéasaithe mhíchuí le feiceáil i bpáistí nach bhfuil ach sé bliana d’aois.
In oirthear na tíre ach go háirithe, tá ardú tagtha ar líon na bpáistí faoi 12 bhliain d’aois a chuirtear faoi bhráid CARI, mar thoradh ar a n-iompraíocht ghnéasaithe.
Gnáthiompar
Dar leis an Dr Niall Muldoon, stiúrthóir cliniciúil CARI, mar thoradh ar an iompar a thaispeántar ar an teilifís, ar líne agus ar an athrú atá tagtha ar dhearcadh daoine fásta i leith gnéis, féachtar anois ar ghníomhaíocht ghnéasach mar ghnáthiompar.
“Cúis mhór imní atá ann,” arsa an Dr Muldoon.
“Bíonn páistí níos óige anois nuair a thosaíonn siad ag glacadh páirte i gníomhaíocht ghnéasach. Feiceann siad ábhar ar líne, ní thuigeann siad an méid atá ann, ceapann siad gur píosa spraoi atá ann agus cúpla mí níos déanaí, déanann siad aithris air.
“Bheadh sé coitianta go leor páistí 15 bliana d’aois a bheith páirteach i ngníomhaíocht ghnéasach ach tá a fhios againn go bhfuil páistí 11 agus 12 bhliain d’aois ag breathnú ar ábhar pornagrafaíochta. Tiocfaidh méadú air sin nuair a bheidh fáil ag an aoisghrúpa seo ar fhóin chliste agus nuair a thosóidh siad ag roinnt naisc éagsúla lena chéile.
“Ní thuigeann siad an méid atá san ábhar ach téann siad i dtaithí air.”
Líne chabhrach CARI: 1890 924567