Irish Independent - Seachtain

Imní ar leanaí óga mar gheall ar bheartais nua

- Gréagóir Ó hEarcáin

TÁ AN tAire Oideachais Ruairí Quinn (thíos) tar éis a rá le tuismitheo­irí a bpáistí a chur chuig scoil atá ag cur thar maoil – cúpla seachtain i ndiaidh dó scoil eile a chosain na milliúin euro a oscailt ina bhfuil seomraí ranga folmha.

Dúradh le tuismitheo­irí 45 páiste i nDún na nGall go gcaithfidh siad dul chuig an scoil is gaire dóibh má tá iompar fóirdheont­ais uathu. Mura nglacann siad leis sin, beidh orthu suas le €1,200 in aghaidh an pháiste a íoc chun taisteal chuig an scoil úrnua ab fhearr leo.

Is as oirthear Dhún na nGall do na daltaí ar fad agus théadh a ndeartháir­eacha agus a ndeirfiúra­cha agus a dtuismithe­oirí chuig scoileanna i Sraith an Urláir go traidisiún­ta.

Ach mar go bhfuil Deele College plódaithe i Ráth Bhoth beagán sa bhreis ar mhíle níos gaire, dúradh leo go gcaithfidh siad dul ansin.

Faoi rialacha na Roinne, íocann páistí €350 in aghaidh na bliana do phas bus chuig scoileanna “incháilith­e”; ó mhí Mheán Fómhair is í an scoil is gaire atá ar fáil a bheidh i gceist leis seo.

Tionchar

Beidh tionchar ag an mbeartas seo ar na céadta teaghlach ar fud na tíre.

Tá grúpaí tuismitheo­irí tar éis a rá go bhfuil an cinneadh craiceáilt­e – agus maíonn siad nach bhfuil an tAire Quinn tar éis freagra ar bith a thabhairt ar a n-achainí teacht i gcabhair orthu.

Rinne an tAire gaisce faoin síneadh €5m le Finn Valley College nuair a d'oscail sé é go hoifigiúil i mí na Bealtaine. Dúirt sé go méadódh sé líon na ndaltaí sa scoil ó 264 go 325 dalta.

Ag St Columba’s College atá in aice láimhe tá níos mó spáis arís ann do dhaltaí nua – tá 856 dalta ar rollaí na scoile agus tá spás ann do 1,100 dalta.

Ach i gcás Deele College, an scoil ar dúradh leis na páistí go gcaithfidh siad dul ann, níl spás ann ach do 460 dalta, cé go bhfuil níos mó ná 100 páiste breise ar na rollaí cheana féin. Tá go leor á dteagasc i seomraí réamhdhéan­ta.

“Cinneadh craiceáilt­e é,” a dúirt Donal Foy, tuismitheo­ir atá i bhfeighil grúpa feachtais.

“Tá an imní agus an strus atá ar pháistí atá 11 agus 12 bhliain d'aois agus ar a dtuismithe­oirí mar gheall air seo uafásach,” a dúirt an tUasal Foy.

“Tá daltaí i rang a cúig fiú ag caint cheana féin faoina dtarlóidh dóibh i gceann bliana. Bhrisfeadh sé do chroí.” Iompar fóirdheont­ais: Subsidised travel Plódaithe: Crowded Incháilith­e: Eligible Síneadh: Extension I bhfeighil: In charge of

 ?? PIC: ARTHUR CARRON ??
PIC: ARTHUR CARRON

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland