Fíorsheoid rúnda é beár Éireannach Dennehy’s!
Gan dabht, tá siad tiomanta do bheith ag freastal ar an gcustaiméir
Cúpla seachtain ó shin bhí mé in Gran Canaria, agus fad is a bhí mé ag dul thart ar an oileán, tháinig mé ar bhaile beag iascaireachta darb ainm Puerto de Mogán. Tá Puerto de Mogán ar an gcósta thiar theas agus is baile álainn iascaireachta é atá thart ar uair an chloig ó Las Palmas i gcarr.
Maítear go bhfuil an aeráid is fearr ar domhan ann, leis an meánteocht i rith lá samhraidh idir na fichidí arda agus lár na dtríochaidí, agus thart ar 322 lá gréine in aghaidh na bliana, le leoithne bhreá ón bhfarraige de ghnáth.
I rith an gheimhridh, ní bhíonn an teocht ach cúpla céim níos ísle.
Fad is a bhí mé ag siúl cois cuain, bhí mé ag breathnú ar an iliomad bialann éagsúil a chuireann bia blasta ar fáil i láthair fhoirfe, agus is ansin a tháinig mé ar Dennehy's Bar (www.barmarina-mogan.com) trí sheans, agus ba mhór an t-ádh a bhí liom an lá sin.
Seans go bhfuil a fhios agat nach rud iontach annamh é beár Éireannach a aimsiú sna hOileáin Chanáracha, ach b'fhíorsheoid rúnda an ceann seo agus i ndiaidh dom labhairt leis na húinéirí, teaghlach ó Chorcaigh, fuair mé amach gur impireacht atá i gceist a bheadh i dteideal gradam gnó Éireannach ar bith.
Thóg Liam agus Greta Dennehy Dennehy's ón mbun aníos 27 bliain ó shin.
Tháinig siad ó Chorcaigh, chonaic siad deis i seanbhaile iascaireachta a bhí á athfhorbairt agus shocraigh siad an deis a thapú.
Cé go bhfuil sé 69 bliain d'aois, tagann Liam chuig an mbeár an-luath gach maidin (3am) chun ullmhú do ghnó an lae. Tugann a mac Billy agus a n-iníon Sylvia cúnamh dó. Foireann den scoth atá an- chliste iad an triúr seo.
Cé go bhfuil go leor comhlachtaí thíos leis ar fud na hEorpa, bhí an bhliain trádála ab fhearr riamh ag Dennehy's.
Anois le ráiteas iontach mar sin, bhí anfhonn orm a fháil amach cén chaoi agus cén fáth a bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an teach tábhairne atá faoi úinéireacht Éireannach seo.
Ainneoin an bhialann a bheith dubh le daoine, ghlac Billy Dennehy am chun suí liom am lóin agus míniú a thabhairt ar an gcúis go bhfuil ag éirí chomh maith sin leo.
“Bia iontach, seirbhís den scoth agus lóistín álainn,” an freagra, agus é lánmhuiníneach.
Ní chuireann Dennehy's bia agus seirbhís shaor ar fáil, ach bia agus seirbhís den scoth ar phraghas saor. Bhí leathshicín rósta úr, prátaí Canáracha agus sailéad agamsa don lón.
I bhformhór na mbialann anseo bheifeá
ag súil go mbeadh ort idir €8 agus €12 a íoc air sin. Ghearr Dennehy's €4.50 air. Bhí an
ionadh go deo orm faoin luach iontach ar airgead seo, agus d'fhiafraigh mé de Billy cén chaoi a raibh sé in ann bia maith a chur ar fáil ar an bpraghas seo.
Mhínigh Billy, “tá an-luach ar airgead i gceist leis na sicíní ar an oileán agus is acmhainn áitiúil iad na prátaí Canáracha,
mar sin ní ghearraimid an iomarca ar ár gcustaiméirí díreach mar go bhfuilimid buailte leis an gcuan ar oileán saoire.
Bíonn meas ag na custaiméirí air seo agus filleann siad arís.”
Ach ní hiad na príomhchúrsaí amháin a mheallann na custaiméirí, gan dabht ar bith tá na milseoga is fearr ar an oileán ar fáil anseo.
Is í Sylvia an “bhean mhilis” lena císte cáise seacláide dúbailte agus císte cáise Baileys atá thar cionn, agus is cinnte go mbíonn an-tóir i gcónaí ar a pióg úll agus cainéil le fíorchustard, fiú nuair atá sé 26 céim!
I ndiaidh an lóin, d'inis Billy dom faoina árasáin ar luach iontach.
Cuireann Dennehy's Bar lóistín den scoth ar fáil, agus déarfadh roinnt daoine, mise ina measc, gurb é seo an lóistín is fearr i gceantar an chuain.
Tá formhór na n-árasán ag breathnú amach thar an gcuan agus radharc uathu ar an muiríne ghleoite agus ar an Aigeán Atlantach.
Cuireann Dennehy's cineálacha éagsúla lóistín ar fáil, ó árasáin ina bhfuil seomra leapa amháin go tithe ina bhfuil trí sheomra leapa.
Agus féadfaidh siad áiteanna lóistín a eagrú má tá grúpa mór ag taisteal le chéile.
Tá gach ní a theastódh sna hárasáin agus sna tithe, lena n-áirítear teilifíseán, seinnteoir físeán agus oigheann micreathonnach. Is féidir dul ar an díon ar a bhformhór agus breathnú ar chuan na luamh agus tá WiFi saor in aisce iontu.
Agus seo an chuid iontach, tá na praghsanna dochreidte maith agus táim lándáiríre faoi sin.
Cosnóidh árasán ina bhfuil seomra leapa amháin €40 in aghaidh na hoíche.
Má tá leaba bhreise uait sa seomra suí, tá sé saor in aisce, má tá inneall níocháin uait, tá sé saor in aisce, agus má tá aerchóiriú uait tá sé saor in aisce freisin.
Anois, má cheapann tú go bhfuil sé sin go maith, céard faoi árasán ina bhfuil dhá sheomra leapa?
Tá €60 in aghaidh na hoíche air, mar sin do cheathrar níl air ach €15 an duine in aghaidh na hoíche. Praghas den scoth cinnte dearfa!
Cé go bhfuil luach iontach ar airgead i gceist, ná bí ag ceapadh gur árasáin 1* iad seo.
D'fhéadfaí 4* a thabhairt dóibh go héasca. Tá siad feicthe agam, agus ní bheidh díomá ort.
Ansin d'inis Billy dom faoina shladmhargadh Ryanair.
“Eh, céard atá i gceist agat?” arsa mise.
“Tá sé simplí, a Tim,” a dúirt sé. “Eitil anseo, ceannaigh mála saor ag an margadh, fág do bhríste gearr, do t-léinte agus d'éadaí oíche anseo chomh maith leis an lóis ghréine dhaor sin.
Stórálfaimidne duit é agus ní bheidh ort táillí bagáiste a íoc ar na haerlínte ísealchostais.
“Stórálfaimid an mála i stóras tirim ar feadh suas le seacht mbliana, nuair a shroicheann tú an áit seo beidh an mála ag fanacht ort san árasán.
Níl le tabhairt leat ach mála beag don eitleán agus ní bheidh ort íoc as málaí daora.”
Tá sé seo ar cheann de na sladmhargaí gnó is ciallmhaire dá bhfuil ann, fíorinspreagadh é!
Agus sábhálfaidh sé an-chuid airgid ar dhaoine atá ar saoire!
Anois tuigfidh tú an fáth a bhfuil an oiread sin áthais orm gur casadh an teaghlach iontach seo as Corcaigh orm.
Nuair a thosaigh na haerlínte ísealchostais ag gearradh airgid ar bhagáiste chuir sé olc ar na custaiméirí, ach tá Dennehy's tar éis teacht ar réiteach na faidhbe agus margadh iontach a chur ar fáil d'Éireannaigh trí aire a thabhairt dá mbagáiste dóibh.
Agus féadfaidh siad aistriú tacsaí a eagrú ón Aerfort freisin, ag praghas iontach arís.
Tá gach rud a theastódh uait in Puerto de Mogán, trá álainn 500 méadar ó na hárasáin, limistéir do choisithe atá sábháilte do pháistí, tá sé buailte leis an gcuan agus bíonn margadh ollmhór ann gach Aoine agus ar ndóigh tá bia iontach blasta in Dennehy's.
Tá na gairdíní agus na hardáin ar fad lán le bougainvillea, crainn phailme, bláthanna éan parthais, roselle agus plandaí ildaite eile agus tá sé tógtha thart ar mhuiríne agus ar chuan iascaireachta, a chruthaíonn radhairc spéisiúla agus atmaisféar speisialta sna beáir agus sna bialanna cois cé.
De bharr na gcainéal idir an mhuiríne agus an cuan iascaireachta, a théann faoi áirsí sna foirgnimh agus idir an calafort agus an trá, glaoitear “La Venecia de Canarias” (an Veinéis sna hOileáin Chanáracha) ar an mbaile.
Mar sin, má tá fonn ort cuairt a thabhairt ar an áit, glaoigh orthu ag 00 34 928 56 50 95 nó téigh chuig a suíomh idirlín www.barmarina-mogan.com
Geallaim duit, is fiú é, tá áit curtha in áirithe agam ann cheana féin.
Agus le do thoil, luaigh Foinse le Billy, Sylvia nó Liam mar go bhfuil a fhios agam go gcuirfidh siad céad míle fáilte romhat.
Maítear: It is claimed Lánmhuiníneach: Fully confident Acmhainn: Resource Aerchóiriú: Air conditioning Sladmhargaí: Bargains Ísealchostais: Low cost