Bean Feasa an Fhaisin
Ní bhíonn mórán deiseanna againn sa tír seo cultacha snámha a chaitheamh amuigh faoin aer. Má tá tusa cosúil liomsa bheifeá neirbhíseach agus tú ag smaoineamh ar an gculaith snámha a tharraingt amach ón gcófra ó anuraidh agus é a chur ort go poiblí!
Sea go deimhin, téimid trí thromlach na bliana ag caitheamh sraitheanna d’éadaí teo ach tá sé in am a bheith cróga agus na géaga sin a nochtadh go muiníneach agus taitneamh a bhaint as an ngrian, má tá an t-ádh linn í a fheiceáil ar chor ar bith.
Tá sé deacair culaith snámha a roghnú a oirfidh dúinn go foirfe.
Ní hé gur féidir linn siúl isteach ón tsráid agus ceann a roghnú ón ráille mar gheall go dtaitníonn an pátrún linn.
Ní bhíonn sé chomh héasca leis sin riamh dúinn mar tá cruthanna agus riachtanais dhifriúla againn go léir.
Is fiú am a thógáil agus tú ag roghnú do chulaith snámha, má tá an t-ádh leat a bheith ag dul ar saoire beidh tú á caitheamh an chuid is mó den am!
Smaoinigh ar dtús ar na riachtanais is mó atá agat.
An bhfuil tú buartha faoi ghné áirithe de do chorp nó ar an láimh eile an bhfuil tú ag iarraidh gné faoi leith a chur chun tosaigh.
Coimeád na tosaíochtaí seo i d’aigne agus tú ag siopadóireacht. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an ngearradh a bhíonn orthu.
Féach ar an áit a ngearrann an bun tú ar na cosa mar shampla, an mbeadh cuma níos fearr ort dá ngearrfadh sé do chosa níos airde nó níos ísle abair?
Tá an t-ádh linn na laethanta seo mar gheall ar an rogha iontach cultacha atá ar fáil. An rud is dearfaí ná nach bhfuil gá go leor airgid a chaitheamh ach oiread.
Fiú amháin i siopaí móra cosúil le Penney’s agus Dunnes is féidir cultacha a cheannach le tacaíocht bhreise le fáil don bholg a chabhraíonn go mór le do mhuinín agus le do chompord.
Bí ag faire amach do phíosaí singile, tankinis agus bikinis le tomhais chearta ar na cupáin, tá sé seo an-tábhachtach i gcomhair tacaíochta.
Seo roinnt píosaí atá feicthe agam atá anréasúnta ó thaobh an bhuiséid de, go háirithe má tá níos mó ná culaith amháin le ceannach agat i mbliana.
Bíonn an dath bán go hálainn i gcónaí má tá dath na gréine faighte agat agus €25 atá ar an bikini bán seo ar mhainicín AWEAR.
Mar a luaigh mé, is féidir cultacha a fháil le tacaíocht iontach iontu agus is rogha deas an chulaith ghorm seo ó DUNNES ar €15. Deiseanna: Opportunities Cultacha snámha: Swimsuits Neirbhíseach: Nervous Deimhin: Certain Go muiníneach: With confidence Bí ag faire amach: Watch out for
Tá rogha deas in AWEAR agus is píosa spraoi an pátrún seo leis na líomóidí, ní bheadh mórán tacaíochta anseo ar bharr ach go deas i gcomhair daoine nach bhfuil an tacaíocht chéanna ag teastáil uathu, €30 atá ar.
Is aoibhinn liom an pátrún atá i gceist leis an rogha dheireanach bikini seo arís ó DUNNES, €10 atá ar an mbarr agus €6 atá ar an mbun.
Bheadh an kaftan seo ó AWEAR ar €25 go hálainn mar chulaith leis an bikini agus is fiú smaoineamh ar é a cheannach mar tá siad fíorúsáideach.
Is álainn an kaftan seo a rachaidh le neart cultacha agus a bheadh go hálainn amuigh ar an trá nó in aice leis an linn snámha. Níl air ach €9 ó PENNEY’S.