Irish Independent - Seachtain

SPÓRT UAIR NA CINNIÚNA DO LAGHIN AGUS CONNACHTA

- GRÁINNE McELWAIN

Beidh Cúigí na hÉireann ag filleadh ar an Pro12 an deireadh seachtaine seo chugainn tar éis coicís i gcomórtais na hEorpa. Faoi láthair, cúig phointe atá idir na foirne atá sa chéad áit agus sa séú háit, agus foirne na hÉireann uilig ag feidhmiú taobh istigh de na sé áit sin.

Mar sin, tá gach seans ann go n-osclóidh an bhearna idir na foirne ar an tábla i mBabhta a Deich.

Gan dabht, is é an dearbaí idir Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht Dé hAoine san RDS cluiche mór an deiridh seachtaine. Níl ach pointe amháin idir na foirne seo ar chlár na bpointí agus cé go bhfuil go leor dul chun cinn déanta ag Cúige Chonnacht i mbliana, ba mhór an cuidiú bua anseo dóibh.

Bhuaigh na Laighnigh an cluiche seo anuraidh 16-13 ach bhí deiseanna ag fir an iathair na pointí a chrochadh leo. I mbliana, tá níos mó gearrtha i gCúige Chonnacht agus ní haon iontas é gur buntáiste mór dóibh é go bhfuil imreoirí móra a bhfuil le taithí acu ar nós Mils Muliaina agus Bundee Aki ag imirt dóibh..

Chomh maith leis sin, tá níos mó imreoirí idirnáisiú­nta acu ná mar a bhí riamh: Kieran Marmion, Rodney Ah You agus ar ndóigh Robbie Henshaw a bhfuil imní faoi mar gheall ar ghortú.

Níl ach cluiche amháin caillte ag Cúige Laighean sa bhaile ó thús na sraithe agus b’in in aghaidh na Mumhan i mí Dheireadh Fómhair. Cáineadh stíl imeartha na Laighneach faoi stiúir Matt O’Connor le déanaí ach ní drochfhoir­eann iad Cúige Laighean agus bheifeá ag súil go mbainfidh siad sa bhaile. Beidh sé i gcúl a gcinn acu gur chaill siad i nGaillimh níos luaithe an séasúr seo.

Caithfidh Cúige Mumhan taisteal go Glaschú Dé Sathairn chun aghaidh a thabhairt ar an fhoireann atá trí áit taobh thiar díobh ar chlár na bpointí.

Faoi láthair, is ar bharr an tábla atá na Muimhnigh ach níl ach aon phointe GUINNESS PRO12 DÉ hAOINE: Cúige Laighean v Cúige Chonnacht, RDS @19.35, Beo ar TG4 DÉ SATHAIRN: Glaschú v Cúige Mumhan, Staid Scotstoun @14.40, Beo ar Sky; Ospreys v Cúige Uladh, Staid Liberty@17.15, Beo ar Sky amháin acu ar bhuíon Gregor Townsend.

Cluiche deacair a bheidh anseo, go háirithe tar éis coicís de chluichí fíorfhisic­iúla. Cuirfidh na Ospreys fáilte roimh na hUltaigh leis an dá fhoireann ar 31 phointe an taoibh. Tá deireadh tagtha le seansanna Chúige Uladh ó chaill siad in aghaidh na Scarlets agus ní bheidh sé faic níos easca i Staid Liberty.

 ??  ??
 ??  ?? Taithí: Tá neart imreoirí idirnáisiú­nta ar nós Kieran Marmion ag Cúige Chonnacht
Taithí: Tá neart imreoirí idirnáisiú­nta ar nós Kieran Marmion ag Cúige Chonnacht
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland