Irish Independent - Seachtain

Gmail ar fáil as Gaeilge...

- Ó leathanach 1

gcuntas ríomhphois­t féin.

“Lorgaíomar an tseirbhís seo i rith Bhliain na Gaeilge in 2013 agus tá ardmholadh tuillte ag Google gur chuir siad ar fáil chomh sciobtha sin é,” a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

D’oibrigh na haistrithe­oirí go deonach ar an togra seo chun an tseirbhís a chur ar fáil. D’aistrigh siad thart ar 60,000 téarma go Gaeilge.

Bunaíodh Google i 1996 agus é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas an domhain agus é a chur ar fáil do gach duine. Is fiú €300 billiún é agus tá 55,000 fostaí aige, 2,500 acu in Éirinn.

Tá an ceanncheat­hrú a phléann leis an Eoraip, leis an Mheánoirth­ear agus leis an Afraic i mBaile Átha Cliath.

Tá Gmail ar fáil in 71 teanga anois ó bunaíodh é i mí Aibreáin 2004.

Is féidir leathnach baile cuardaigh Google a fháil i nGaeilge agus tá Facebook ar fáil i nGaeilge ó 2011. Is féidir leat fóin Android a úsáid i nGaeilge ach níl an tseirbhís sin ar fail don iPhone.

Cuireann an cinneadh le Gmail a Ghaelú brú ar Apple le fón s’acu a chur ar fáil i nGaeilge. Tá ceanncheat­hrú Apple na hEorpa i mBaile Átha Cliath fosta.

Tá aistritheo­irí ag obair ar Twitter a Ghaelú le breis agus bliain anuas ach níl sé ar fáil fós. Leis an teanga a athrú i do chuntas Gmail: Brúigh ar an roth atá ar bharr an scáileáin Gmail ar dheis. Roghnaigh ‘settings’. Ar bharr an leathnaigh sin, roghnaigh Gaeilge sa roghchlár anuas ( dropdown

menu) sa rannóg ‘language’. Brú ‘save changes’ ar bhun an scáileáin.

 ??  ?? Hector Ó hEochagáin ag seoladh Gmail an tseachtain seo caite
Hector Ó hEochagáin ag seoladh Gmail an tseachtain seo caite

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland