DÓLÁS GO SÓLÁS ANOIS AR FUD AN DOMHAIN
Siúlóid a thosaigh sé bliana ó shin... anois tá 80 áit páirteach
Thosaigh sé 6 bliana ó shin le 400 duine ag siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath le haird a tharraingt ar an fhéinmharú — agus i mbliana beidh daoine ag glacadh páirte i siúlóid Dólás go Sólás in 80 áit ar fud an domhain.
Is gníomhaíocht tiomsaithe airgid é an tsiúlóid cúig chiliméadar Dólás go Sólás a bhíonn ar siúl i mí na Bealtaine. Téann an t-airgead ar fad a bhailíonn siad ón imeacht go dtí carthanas Pieta House.
Is ionad éigeandála d’fhéindochar agus féinmharú é Pieta House. Tugann siad comhairle phroifisiúnta, duine ar dhuine, d’aon duine a thagann chucu a deir go bhfuil smaointe féinmharaithe nó féindochair acu. Is féidir le haon duine dul chucu gan aon atreorú ó dhochtúir agus níl costas ag baint leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Chabhraigh an eagraíocht le breis agus 17,000 duine ó thosaigh siad in 2006. Thosaigh an síceolaí Joan Freeman an eagraíocht i Leamhcán i mBaile Átha Cliath toisc nach raibh mórán seirbhísí ar fáil ag an am le féinmharú a chosc.
Thosaigh siad amach le hionad amháin agus anois tá naoi gcinn acu timpeall na tíre. Tá ionaid acu i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh.
Airgead
Is é an t-imeacht Dólás go Sólás an phríomhghníomhaíocht tiomsaithe airgid a bhíonn acu le linn na bliana.
Thosaigh sé in 2009 nuair a chas 400 duine le chéile ag 4.15rn agus shiúil nó rith siad cúig chiliméadar. Is imeacht siombalach é don eagraíocht. Ag a ceathair a chlog ar maidin, bíonn sé fós dorcha taobh amuigh agus faoin am a mbíonn sé críochnaithe bíonn sé geal. Tá lucht na heagraíochta agiarraidh a léiriú gurb é an ról atá acu ná cabhrú le daoine atá ag streachailt agus ag smaoineamh faoi fhéindochar, daoine atá sa ‘dorchadas’ Cabhraíonn siad le daoine teacht amach as an dorchadas sin tagann siad amach go dtí an solas.
“Is cuma linn conas a dhéanann daoine na cúig chiliméadar. Is féidir leo é a shiúl nó é a rith,” a deir urlabhraí na heagraíochta,
“An príomhaidhm atá againn ná aird na ndaoine a tharraingt ar an eagraíocht agus
an fáth a bhfuilimid ann.” Sa dara bliain den ócáid bhí sé ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach agus sa tríú bliain bhí imeachtaí ar siúl ar fud na tíre; i gCorcaigh, Contae an Chláir, Luimneach, Gaillimh agus Ciarraí. Le tamall anuas, bhí imeachtaí ar siúl acu thar lear; sna Stáit Aontaithe, Ceanada, Sasana agus san Astráil. I mbliana, beidh Dólás go Sólás ar siúl in 80 ionad timpeall an domhain.
Beidh ócáidí ar siúl sa Tuaisceart den chéad uair riamh; i dTír Eoghain agus i nDoire.
Anuraidh bhí sé ar siúl in áit amháin i Sasana ach, i mbliana, beidh sé ar siúl i gceithre áit.
Níl aon ionad ag Pieta House thar lear agus mar sin, tagann an t-airgead ar fad a bhailítear ag na himeachtaí thar lear ar ais go hÉirinn.
“Is daoine a bhfuil baint acu le hÉirinn a eagraíonn na himeachtaí thar lear,” a deir Marie Peelo ón eagraíocht. “Tá siad ag iarraidh an t-imeacht a thabhairt don phobal atá acu thar lear.”
Clárú
Beidh Dólás go Sólás ar siúl i mbliana ar an Satharn, 9 Bealtaine. Is féidir clárú don imeacht tríd an suíomh www.dil.pieta. ie. Cosnaíonn sé €25 do dhuine fásta le clárú agus faigheann tú T-léine ar an lá.
Má chláraíonn tú roimh an Aoine beag seo, gheobhaidh tú lascaine de €5. Tá tuilleadh eolais faoi Pieta House é féin agus faoin tseirbhís a chuireann siad ar fáil ar an suíomh www.pieta.ie.