Naomh a chaith seal in Éirinn
Is iomaí duine a thagann go héirinn agus a chaitheann tréimhse sa phríomhchathair. Ach i 1928 tháinig bean óg ón Macadóin go héirinn chun dhá mhí a chaitheamh leis na siúracha Loreto i Ráth Fearnáin. Bean an-speisialta ab ea í.
An Mháthair Treasa an t-ainm a bhí ar an mbean óg. Tháinig sí go héirinn chun Béarla a fhoghlaim agus thaistil sí ansin go dtí an India mar mhisinéir. D’oibrigh sí ar feadh 20 bliain mar mhúinteoir i gcalcúta agus ansin d’fhág sí Ord Loreto agus bhunaigh sí Misinéirí na Carthanachta i 1950. Sa ról seo d’oibrigh sí i measc na ndaoine ba bhoichte san India agus i ndílleachtlanna. I 1979 bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána. Leath Misinéirí na Carthanachta ar fud na cruinne agus tá thart ar 5000 ag obair iontu anois. Fuair sí bás ar 5 Meán Fómhair 1997. Ar an Domhnach, 4 Meán Fómhair 2016, naoi mbliana déag i ndiaidh a báis, d’fhógair an pápa gur naomh anois í. Ní dóigh liom go mbeadh aon argóint ag éinne faoi seo. Naomh ab ea í, gan amhras!