Stailc ocrais agus agóidí i dtús ama
Bhunaigh an t-údar clúiteach Máirtín Ó Cadhain agus roinnt comrádaithe leis an grúpa Misneach siar sna seascaidí mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge, dar leo. Bhí sé mar bhunsprioc acu cuspóirí Éirí Amach na Cásca 1916 a chomhlíonadh.
Mar ghrúpa, rinneadar roinnt rudaí difriúla mar agóidí.
In 1963, rinne siad stocaireacht le linn na hoíche ar theach cónaithe an Taoisigh, Seán Lemass, toisc go raibh triúr iascairí as Inis Bearacháin, Conamara, á gcoinneáil i bpríosún i ndiaidh gur dhiúltaigh siad rátaí cánach a íoc.
Ligeadh na hiascairí saor chun bealaí go gairid ina dhiaidh sin.
Le linn chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca in 1966, thug trí dhuine dhéag i mBaile Átha Cliath agus seisear eile i gCumann Chluain Árd, Bhéal Feirste, faoi stailc ocrais seachtaine (thuas) siocair neamairt an stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar leo. Bhí tuairisc ar an stailc sa New York Times agus rinne ITV, CBC agus stáisiúin teilifíse de chuid na hIodáile píosa faoi freisin.
I bhfómhar na bliana céanna, bunaíodh gluaiseacht nua ‘Language Freedom Movement’, a raibh sé mar aidhm acu críoch a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach scoile ó dheas.
Bhí Séamus Ó Grianna agus John B. Keane i measc lucht a dtacaithe.
Rinne Misneach ionsaithe ar chruinnithe na gluaiseachta agus rinne siad diancháineadh ar a gcuid polasaithe freisin.
Níor eascair aon athruithe ar pholasaithe rialtais as oibreacha na gluaiseachta sin.