An náisiún ina dhá leath ag ceist an ghinmhillte

Irish Independent - Seachtain - - Front Page - Le Sinéad Nic Con Rí

Tá díospóireacht nimhneach faoin nginmhilleadh ar na bacáin don Phoblacht agus reifreann le rith an bhliain seo chugainn meastar.

D’fhéadfaí scáil dhubh a chaitheamh ar fheachtas Olltoghcháin faoi cheist a roinneann an náisiún go hiomlán.

An deireadh seachtaine seo caite mhol an Tionól Saoránach léirscaoileadh cuimsitheach ar na cúinsí dlí a cheadaíonn ginmhilleadh.

Dúirt an Tánaiste Frances Fitzgerald (thíos) go gcreideann sí go gcaithfidh an pobal aon mholadh a chinneadh.

Moladh

Déanfaidh coiste Oireachtais uilepháirtí machnamh ar chomhairle an Tionóil agus beachtóidh siad í ina moladh is féidir a chur os comhair na dtoghthóirí i reifreann.

Ach tá na sceana géaraithe don fheachtas cheana féin agus an Feachtas ar Son na Beatha ag cáineadh na meicníochta vótála sa Tionól Saoránach go géar.

Tá fearg orthu faoin vóta i mBallóid 4 inar thug an Tionól faomhadh do ghinmhilleadh suas go cúig mhí ar chúinsí socheacnamaíochta.

I gcomhartha soiléir ar a mbeidh romhainn sa díospóireacht, dúirt urlabhraí de chuid an Fheachtais ar Son na Beatha Sinéad Slattery: “Tá an chaoi ar chaith an Tionól vóta chun a thabhairt le fios go gcinneann stádas geilleagrach cearta linbh sa bhroinn scannalach.

“Mar shochaí tá sé de dhualgas orainn aire a thabhairt do na boicht agus struchtúir a chur i bhfeidhm chun cabhrú leo siúd atá i gcruachás ó thaobh airgid de. “Diúltú iomlán dár sprioc náisiúnta go bhfuil an luach céanna ag gach páiste é an moladh go mbeadh ginmhilleadh inghlactha mar fhreagra ar dhúshláin so- cheacnamaíochta.” Vótáil 89% den Tionól ar son ceart a thabhairt do mhná na hÉireann ginmhilleadh a fháil i gcás mínormáltacht féatais ar dócha go mbeidh bás mar thoradh uirthi roimh bhreith linbh nó go gairid i ndiaidh na breithe.

Vótáil an céatadán céanna ar son ceart a thabhairt ginmhilleadh a fháil i gcás éignithe, agus vótáil 78% ar son ceart ginmhillte nuair atá sláinte na mná i mbaol.

Ceart

Ach léirigh ceann de na figiúirí b’iontaí go dteastaíonn ó 72% go mbeadh ceart ag mná ginmhilleadh a fháil ar chúinsí socheacnamaíochta.

Dúirt Linda Kavanagh ón bhFeachtas ar son Cearta Ginmhillte: “Tá sé riachtanach anois go n-aithneodh an coiste Oireachtais atá fós le bunú toil chomhaltaí an Tionóil.

“Ach is cosúil gur céim ollmhór chun tosaigh é seo le haghaidh cearta ginmhillte in Éirinn.”

‘bhfuil Diúltú iomlán dár sprioc náisiúnta é go an luach céanna ag gach páiste’

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.