PRÓIFÍL LEATHANACH 2

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - — NAOISE Ó CAIREALLÁIN

EMMANUEL MACRON IARRTHÓIR D’UACHTARÁNACHT NA FRAINCE

Bonjour, cé leis thú a Emmanuel? Tá Emmanuel, atá le feiceáil ar dheis anseo lena bhean chéile Brigitte Trogneux, ar dhuine den bheirt atá ag rith i dtoghchán Uachtaránachta na Fraince agus tá an lámh in uachtar aige faoi láthair. Má bhíonn an bua ag Emmanuel, beidh sé ar an Uachtarán is óige riamh sa Fhrainc. Ba bhall é den Pháirtí Shóisialach ó 2006 go 2009 ach tá sé ag rith sa toghchán seo faoi bhrat En Marche!, gluaiseacht atá sa lár ó thaobh na polaitíochta de. Agus cé hí Brigitte? Bhuail Emmanuel le Brigitte den chéad uair agus é 16 bliana d’aois agus ise mar mhúinteoir drámaíochta aige. Tá sí 24 bliana níos sine ná é agus phós siad in 2007. Cén dóigh a n-oibríonn an toghchán? Bhí an chéad bhabhta ar siúl Dé Domhnaigh agus anois beidh sé in iomaíocht le Marine Le Pen ón Front National sa chluiche ceannais ar an 7 Bealtaine. Chum na Francaigh liberté, égalité, fraternité — an bhfuil siad le sonrú fós sa toghchán seo? In aimsir na héiginnteachta tá muintir na hEorpa ag amharc ar an toghchán seo le súil ghéar. Tá clú ar Marine Le Pen mar gheall ar a cuid tuairimí conspóideacha a bhaineann le himirce, eachtrannaigh agus an tAontas Eorpach a fhágáil. I saol na polaitíochta, ní chuireann aon rud iontas orainn níos mó ó toghadh Trump. Ach sa troid seo idir Macron agus Le Pen, is cinnte go bhfuil ár bhformhór ag tacú le Macron.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.