Leabhar na Seachtaine
An Ríomhaire Ilteangach, Cois Life, €10 Seo leabhar do lucht teicneolaíochta na Gaeilge. Leabhar nuafhoilsithe atá anseo ina bpléitear an dóigh a láimhseálann ríomhairí teangacha éagsúla, agus tugtar treoir phraiticiúil don léitheoir maidir le leas a bhaint as an teicneolaíocht teanga.
Pléitear ábhair ar nós ionchur agus formáidiú téacs i dteangacha éagsúla; an tseiceáil litrithe agus gramadaí; foclóirí agus áiseanna tagartha teanga ar líne; an meaisínaistriúchán agus suímh idirlín ilteangacha agus logánú bogearraí.
Dírítear ar an léitheoir ghinearálta seachas speisialtóirí ríomhaireachta, agus is léitheoireacht riachtanach é seo do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire.
Tá a suíomh idirlín féin ag an leabhar ar a bhfuil breis eolais, ábhar bónais agus naisc chuig eolas eile a bhaineann le topaicí an leabhair.
Tabhair cuairt air: http:// www.lexiconista.com/arit/ agus tá sé ar fáil le ceannach ar www.coislife.ie.