Suíomh na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - Cartlann.ie

Chuir an béaloideasóir agus scríbhneoir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile nuair a bhí sé ina bhreitheamh i gConamara sna blianta 1925-50. Léiríonn an bailiúchán an spéis a bhí aige sa bhéaloideas, sa dúlra agus san fhiadhúlra, i litríocht na drámaíochta agus sa teanga féin. Is léiriú freisin an bailiúchán seo ar shaibhreas béaloidis agus cultúir phobal Iorras Aithneach. Tá an taisce luachmhar seo in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta di, chomh maith le hábhar digiteach eile faoi shaol agus faoi shaothar Mhic Giollarnáth le fáil ag an phobal anois ar an suíomh nua idirlín seo (thuas) a seoladh le déanaí. Ó na seachtóidí ar aghaidh, chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta saothar Mhic Giollarnáth i láthair do phobal úr i réimse clár faoina shaol agus a shaothar, agus tá an t-ábhar sin le fáil ar an suíomh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.