Féile na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - MÉABH NÍ THUATHALÁIN

Féile na Bealtaine, amárach go dtí Dé Luain Cormac Ó Beaglaoich, Ham Sandwich, Cian Ó Cíobháin, Kíla, Spats Columbo, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Bernie Pháid... sin díreach cuid de na réaltaí móra a bheidh le cloisteáil ag Féile na Bealtaine, i nDaingean Uí Chúis an deireadh seachtaine fada seo.

Seoid d’fhéasta cultúrtha í Féile na Bealtaine atá suite i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas na n-ealaíon uile, idir cheol, phéintéireacht, dhrámaí agus eile.

Ar na hócáidí is tarraingtí, beidh Mozart Requiem in Eaglais Naomh Mhuire Dé Domhnaigh ag a 7in (€20).

Tá sé seo ar cheann de na píosaí ceoil is cáiliúla dá bhfuil ann. Cailleadh Mozart nuair a bhí an Requiem beagnach críochnaithe aige; deir daoine gur ag ullmhú dá bhás féin a bhí sé agus é ag cumadh an cheoil seo.

Tá an Requiem ar cheann de na hócáidí ceoil is mó a d’eagraigh coiste Fhéile na Bealtaine ó bunaíodh an fhéile. Is seans faoi leith é seo ceann de mhórphíosaí ceoil an domhain a chloisteáil sa séipéal álainn.

Is féidir an clár (thuas )a íoslódáil ag http:// feilenabealtaine.ie/

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.