Beidh Poll na bPéist ag mealladh na réaltaí arís

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

Beidh ceann de na comórtais is scanrúla ar domhan le feiceáil amach ó chósta na hÉireann arís i mbliana.

Tumadóireacht d’Aill atá ann agus beidh réaltaí an spóirt ag díriú ar Inis Mór in Oileáin Árann le léimneach isteach i bPoll na bPéist mar chuid de chraobh dhomhanda Red Bull.

Agus den chéad uair i mbliana beidh mná ag glacadh páirte sa chomórtas. Is rud nádúrtha é Poll na bPéist agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is scanrúla ar domhan. Beidh na céadta cuairteoir ag tarraingt ar an oileán don chomórtas ar an 24 Meitheamh.

Scanrúil: Michal Navratil ag tumadh i bPoll na bPéist nuair a bhí comórtas Red Bull ann in 2014

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.