Tá an seó thart , an ghrian sa spéir agus an rásaíocht ar ais!

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Tar éis nach mór 150 Today Show táimid críochnaithe don séasúr. Ní maith liom a bheith ag críochnú chun an fhírinne a rá mar is maith liom an rud atá rialta agus is maith liom é seo i ngach slí i mo shaol.

An méid sin ráite, nuair ná raibh orm éirí maidin Dé Luain agus tabhairt fé Chorcaigh bhíos sásta.

Nuair a bhíonn tú ag obair as baile an t-am ar fad cailleann tú amach leis an gclann, is nuair a bhíonn deis agat fanacht sa bhaile ’sé a thuigeann tú níos fearré .

Is deas chomh maith go bhfuil an aimsir linn an t-am seo bliana agus bhíonn fonn amach orainn agus ní bhíonn orainn a bheith sa tig an lá ar fad. Tá súil agam go mbeidh an samhradh mar seo!

Bhí na gradaim stíle de chuid VIP ar siúl ar an Aoine agus cé go raibh cuireadh fachta agam níor chuas ann.

Bíonn leisce orm oícheanta maithe a chailliúint ach bheartas lá a thabhairt i mBaile Phúinse ag na ráiseanna.

Cé go ndúirt Rita liom go bhfuil sé tábhachtach dul go dtí na hócáidí seo ar fad agus de ghnáth nuair a fhaighim cead ó bhean an tí bíonn fonn orm dul, ach níor dheineas an uair seo.

Is minic mé ag scríobh fén méid ama a thógann sé orm teacht chugam fhéin tar éis na n-ócáidí seo agus ar an mbonn sin níor chuas ar an Aoine.

Má bhí súile dúnta agam don Aoine bhíodar leathan dos na capaill. Seo ceann dos na féilte rásaíochta is fearr liom. Tá sé ar fad ag an áit seo, na daoine, na capaill agus an chraic a bhíonn timpeall na háite.

Nuair a chuireann tú na rudaí sin ar fad le chéile, sin an fhéile seo! Dá mbeinn in ann cúpla buaiteoir eile a fháil agus ar phraghas maith bheinn déanta suas ar fad! Bhíos ag rásaíocht anseo an bhliain seo caite agus an bhliain roimhe sin agus tá an tseanléim a bhíodh timpeall ar ais. Tá sé soiléir go bhfuil rudaí ag dul go maith sa tír aríst agus seo ceann dos na háiteanna a mbíonn sé le feiscint. Má bhíonn na féilte rásaíochta eile mar seo i rith an tsamhraidh beidh bliain iontach acu! Cé go bhfuilimiid críochnaithe don séasúr ar an teilifís tá fuílleach le déanamh timpeall an tí agus ’sé is mó ama a chaitheann tú sa bhaile sé is mó a fheiceann tú a bhfuil le déanamh!

Spórt: Dáithí agus Roz Purell i mBaile Phúinse anuraidh

Slán tamall: Dáithí agus Maura

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.