Seanfhocail an Ghrá

Irish Independent - Seachtain - - Ar Fheabhas -

Léigh na seanfhocail faoi phósadh agus faoi chleamhnas leis an duine in aice leat. An dtuigeann tú iad? Ní haithne go haontíos. An chéad bhliain bliain na bpóg, an dara bliain bliain na ndorn. B’fhearr liom bean na bhfiche seift ná bean na bhfiche punt. Is mac do mhac go bpósfaidh sé, ach is iníon d’iníon go deo. Pós bean an ghleanna agus pósfaidh tú an gleann. Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh. Más maith leat do mholadh, faigh bás. Más maith leat do cháineadh, pós. Ní féasta go rósta, ‘is ní céasta go pósta. Faigh do bhean i gcóngar, ach i bhfad uait díol do bhó.

Céard a d’athraigh sa chaidreamh seo, i do thuairimse?

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.