Réalta Óg na Bliana... thig leatsa roghnú!
Seo iad an seachtar atá ar ghearrliosta Oireachtas na Gaeilge do Réalta Óg na Bliana 2017, an líon daoine óga is mó riamh — agus thig leatsa an buaiteoir a roghnú.
Is iad sin Caitlín Nic Aoidh ó TG4, Aindriú de Paor ó Raidió na Life agus RnaG, Art Parkinson ó Game of Thrones, an t-iriseoir Siún Ní Dhuinn, Seán Ó Baoill ó Ros na Rún agus Meon Eile, Sláine Ní Chathalláin ó Raidió na Gaeltachta agus an craoltóir Caoimhe Ní Chathail (thíos).
Ba air Stiofán Ó Fearaíl, Láithreoir Cleas Act, TG4, a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2016.
“Tá sé tábhachtach i gcónaí go mbeadh daoine óga le tallann agus le paisean ag teacht chun cinn sna meáin Ghaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.
“Agus déanaimid gach iarracht san Oireachtas aitheantas a thabhairt dóibh siúd a léiríonn buanna ar leith san earnáil. “Tá éacht déanta ag gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo — tá cruthaíocht, nuálaíocht agus ardchaighdeán ag baint lena gcuid saothair. Táimid ag súil go spreagfaidh an gradam seo tuilleadh daoine óga tabhairt faoi na meáin chumarsáide sa todhchaí.” Tá deis ag an bpobal vóta a chaitheamh trí théacs a sheoladh chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann nó 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór. Cosnaíonn téacsanna €1/£1 an ceann. Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide uile an Oireachtais 2017 a bheidh ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí, ar an 1 Samhain.