Cruinnithe ag iarraidh míle post Gaeltachta a chruthú
Bhí cruinnithe aréir ag lucht feachtasaíochta atá ag iarraidh míle post a chruthú sa Ghaeltachta.
Chabhraigh Conradh na Gaeilge le sraith fóraim gníomhaíochta le haghaidh Ghaeltachtaí Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chiarraí de bhun na moltaí ón gcéad chruinniú náisiúnta a bhí ag an gComhrá Mór.
Bhí ceist na hinfheistíochta sa Ghaeltacht ar an gclár plé chomh maith leis an méid a bhféadfadh pobail a dhéanamh chun an infheistíocht sin a chinntiú.
Phléigh ceannairí pobail an obair atá ar bun sa Ghaeltacht faoi láthair freisin, chomh maith le ceisteanna ar nós pleanáil teanga agus an pholasaí oideachais don Ghaeltacht.
Maoiniú
Dhaingnigh an tAire Gaeltachta Joe McHugh €2m breise i maoiniú an Údaráis le cúpla seachtain anuas. Tá cuid den airgead sin chun tacú le poist i nGaoth Dobhair — le níos mó ná 100 post nua i gcuideachtaí airgeadais agus pacáistithe.
Labhair Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, aréir in Óstán Heights i gCill Airne agus labhair Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, i Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Contae na Gaillimhe.
Labhair Dónal Ó Cnáimhsí ó Chomharchumann Ghaoth Dobhair ag cruinniú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair.
D’oscail an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an tsraith cruinnithe, a craoladh ar líne sna trí láthair.
“Is deis iad na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí agus an Comhrá Mór guth an phobail a tabhairt chun suntais, agus a neartú, trí theachtaireacht agus trí ghníomhartha fiúntacha a aontú le chéile leis an teanga a chur chun cinn,” a dúirt sé.
Agus dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge: “Tá deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta brú a chur ar a bpolaiteoirí féin infheistíocht don teanga a chinntiú trí ghlaoch orthu, trí bhualadh leo ag clinicí na bpolaiteoirí, agus trí ríomhphost nó tvuít phearsanta a sheoladh chucu.”
Deir an grúpa go gcruthódh an plean os cionn 1,150 post nua chomh maith le hacmhainní a sholáthar don phróiseas pleanála teanga, agus deiseanna a thabhairt don phobal ar fud na tíre an Ghaeilge a úsáid.