PRÓIFÍL LEATHANACH 2

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - AUNG SAN SUU KYI CEANNAIRE MHAENMAR

Bhain Aung San Suu Kyi gradam Nobel na Síochána in 1991. Cén fáth a bhfuil muid ag cloisteáil fúithi anois? Shínigh os cionn 400,000 duine achainí ar líne ag iarraidh ar an gcoiste Nobel an gradam a bhaint di mar gheall ar an drochíde atá á tabhairt don phobal Mhoslamach Róihinse i Maenmar. D’éalaigh 270,000 Róihinse ón tír le coicís anuas.

Agus cé hiad an pobal Róihinse? Tá a dteanga agus a gcultúr féin acu agus tá siad lonnaithe i stát Rakhine in iarthar na tíre. Tá milliún acu ann ach — dála an chuid is mó de Mhoslamaig­h na tíre — níl cead vótála acu agus níl saoránacht na tíre acu. Is é an Búdachas príomhchre­ideamh Mhaenmar. Is Moslamaigh iad 4 faoin gcéad den phobal agus bíonn nimh san fheoil idir an dá phobal. Faoi láthair, táthar ag rá go bhfuil saighdiúir­í Mhaenmar ag dó bailte agus ag marú mhuintir Róihinse. Ach deir Suu Kyi go bhfuil an rialtas ag iarraidh fáil réidh le sceimhlith­eoireacht agus sin an fáth a bhfuil na hionsaithe ann.

Fuair Suu Kyi an gradam Nobel de bharr na hoibre a rinne sí ar son cearta daonna i mBurma, mar a bhí ag an am. Ach is léir nach bhfuil sí chomh buartha faoi chearta na Róihinse. Ar cheart mar sin an gradam a bhaint di? Dúirt an coiste Nobel nach féidir leo an gradam a bhaint uaithi. Nuair a dhéanann siad cinneadh an gradam a bhronnadh ar dhuine breathnaío­nn siad ar an obair a rinne siad go dtí an pointe sin agus ní théann siad siar ar an gcinneadh. Agus ní hé seo an chéad uair a bronnadh an duais go conspóidea­ch ar dhuine. Fuair Barack Obama gradam Nobel na Síochána in 2009, fear a bhí i mbun cogaíochta i seacht dtír ar a laghad.

Cad é mar a toghadh Suu Kyi ina ceannaire ar an tír? Chaith Suu Kyi 15 bliana faoi bhraighdea­nas baile le linn a troda ar son an daonlathai­s i Maenmar. Bhí aird an domhain uirthi i rith an ama. Bhuaigh páirtí Suu Kyi an chéad toghchán saor a bhí sa tír in 2012 agus bhí sí ina ceannaire ó shin. Fuair sí níos mó tacaíochta arís sa toghchán in 2015.

Agus an féidir linn rud ar bith a dhéanamh don phobal Róihinse? Gach lá tá na mílte acu ag teacht ar an Bhanglaidé­is mar theifigh. De réir na Náisiún Aontaithe, tá siad ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Ba chóir do rialtas na hÉireann a seacht ndícheall a dhéanamh le cosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.