Irish Independent - Seachtain

Stoirmeach­a ag teacht in am do rásaí Lios Tuathail!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Tá an fómhar linn, ach le haimsir an gheimhridh! Is ró-luath atá na stoirmeach­a ag teacht i mbliana. Níl gonta stoirm Desmond a tháinig i Nollaig na bliana 2015 dearmadta againn go fóill.

Anois tá Harvey agus Irma tar éis ainm a dhéanamh dóibh fhéin i Meiriceá agus níl fios cad a thiocfaidh an geimhreadh seo.

Cé gur i Meiriceá atá seo ag tarlú is minic a thagann an dríodar chugainne mar a bhí sa chás le Desmond. Éinne atá ina gcónaí áit a mbíonn tuillte ann beidh na cluasa ar bior acu!

An geimhreadh agus an fómhar caite le chéile a bhíonn in aimsir Lios Tuathail. Ní bhíonn bliain ann ach go mbíonn ina phluda ann ar cheann dos na laethanta pé scéal é agus ar chúis amháin nó ar chúis eile ní chuireann sé seo isteach ar na sluaite a théann ann.

Ar an dtaobh eile de seo is cuimhin liom tráthnónta­í áille fómhair ann. Is féile rásaíochta fómhair í seo agus é sin le brath gach uair a théim ann.

Tá mothú ann go bhfuil obair mhór agus chruaidh an tsamhraidh déanta agus go bhfuil sé in am anois ár scíth a ligint! An méid sin ráite ní bheidh mórán scíthe á ligint tráthnóna inniu agus an Kerry National á rith le duaischist­e €175,000.

Bead fhéin agus Maura Derrane ann ar an Aoine ag roghnú an té is fearr gléasta, is nuair a bheidh sin déanta agam beidh mé in ann mo scíth a ligint i gceart.

Tá a fhios agam go dtugann siad Gok Wan Chiarraí orm, nó Cac Wan b’fhéidir! Ach is jab deacair é! Is maith liom an fhéile seo — tagann laethanta maithe m’óige ar ais chugam. Thugas blianta ann le TG4 chomh maith ag obair. Bhí na hoícheanta ann chomh maith nach cuimhin liom puinn mar gheall orthu!

Ag fanacht le haimsir agus le stoirmeach­a ar shlí, níl aon dabht ach go mbeidh stoirm i gceannáras CLG ar an nDomhnach agus beidh páirt á imirt ag an aimsir ann chomh maith, dar liom!

Ní dóigh liom go bhfuil sé chomh simplí a rá má bhíonn aimsir mhaith ann go bhfeilfidh sé na Dubs agus báisteach do mhuintir Mhaigh Eo. Simplí ach fíor ag an am gcéanna.

Taobh amuigh dó seo tá Maigh Eo difriúil an uair seo níl an teaspach céanna acu go poiblí agus a bhí rud a fhágann gach éinne ag rá, ‘bhuel cad é seo?’ Tá éiginnteac­ht ann, ní maith le Jim Gavin éiginnteac­ht!

Éiginnteac­ht ar leataobh, táim ar mo shlí go Lios Tuathail, táim cinnte!

 ??  ?? Spraoi: Dáithí agus Maura ag Lios Tuathail anuraidh
Spraoi: Dáithí agus Maura ag Lios Tuathail anuraidh
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland