Ag tumadh ar son na Gaeltachta
Cumann na bhfear a thug beatha úr do phobal ar imeall an Atlantaigh Fhiáin
Tá beatha nua á tabhairt go pobal Gaeltachta ar an gcósta i gConamara mar gheall ar an dtaiscéaladh atá á dhéanamh ag buíon fir fiontraíochta ar an ndomhan ar leith faoi thoinn atá láimh leo.
In 2011 bhunaigh Máirtín Breatnach, múinteoir sa scoil náisiúnta áitiúil ar an gCeathrú Rua, agus a chara Patrick Ó Flatharta cumann — nó ‘seid’ — na bhfear, chun áis is láthair shóisialta a chur ar fáil d’fhir áitiúla sa cheantar, cuid acu a bhí ag caitheamh saol cuíosach uaigneach is iad ag maireachtáil go hiargúlta leo féin.
Tá Cumann na bhFear ar an gCeathrú Rua ina chuid den gluaiseacht ‘Men’s Sheds’ atá tar éis scaipeadh ar fud an domhain ó thosaigh sé san Astráil i 1974. Tá ‘seideanna’ anois ar fud na cruinne agus tá breis is 400 acu in Éirinn le trí cinn ar a laghad i ngach contae thuaidh agus theas.
Nuair a thosaigh Seid na Ceathrún Rua ag feidhmiú, bhí dosaen fear páirteach ann agus iliomad imeachtaí ar bun acu — idir chúrsaí adhmadóireachta, chúrsaí meicnice cairr, conas fuinneoga gloine daite a chur le chéile nó do ‘phatio’ féin a chur síos le hais do thí.
Lena chois sin bhí an sóisialú thar a bheith tábhachtach — fir ag teacht le chéile chun a dtrioblóidí a roinnt.
Sláinte
“Tá sláinte inchinne ag croí na gluaiseachta seo mar bhí go leor daoine nach raibh ag imirt spóirt, agus ag fanacht leo féin sa mbaile — thug an Seid áit dóibh le casadh ar a chéile agus comhluadar ann,” arsa Máirtín. Ós rud é go bhfuil an Cheathrú Rua ar an gcósta agus trá iomráiteach an Dóilín in aice láimhe, thuig Máirtín go raibh deis iontach ann tabhairt faoi fhiontar nua a chuirfeadh go mór leis na háiseanna sa cheantar.
Is í Trá an Dóilín leagan na hÉireann den Mhórsceir Bhacainneach — an Great Barrier Reef — agus is féidir gach sórt beatha mara a aimsiú ann, idir smugairlí róin agus éisc éagsúla — gan trácht ar chorr-dheilf nó siorc fiú. Mar sin anuraidh thosaigh sé ag fiosrú na bhféidearthachtaí maidir le seirbhís ‘Scúba’ a thosú sa cheantar. Fuair sé tacaíocht ón gcomharchumann áitiúil, Comharchumann Mhic Dara, agus ón Údarás is Roinn na Gaeltachta agus ó Cháisc na bliana seo cuireadh tús le Scúba na Ceathrún Rua.
Ní fada — agus tacaíocht faighte aige freisin ó leithéidí Bhord Iascaigh Mhara — go raibh na háiseanna cuí ar fáil aige — idir chultacha uisce d’ardchaighdeán, chomhbhrúiteoir aeir chun tancanna ocsaigin a líonadh agus, an toisc is tábhachtaí ar fad, daoine áitiúla oilte agus cáilithe chun daoine a thabhairt amach ag tumadóireacht.
“Ón Cháisc i m bliana tá breis is 600 tugtha amach againn ag snorcláil chun bheith ag taiscéaladh an a domhain faoin uisce láimh le Trá an Dóilín,” a dúirt Máirtín. “Thart ar 50 a chuaigh ag tumadóireacht sa a. tréimhse chéanna
“Tagann idir thurasóirí agus scoláirí atá ag freastal ar na Coláistí Gaeilge den chuid is mó.”
De bharr an rath is éileamh ar Scúba na Ceathrún Rua, tá Coláiste Chiaráin ag fógairt ar a gcuid bróisiúirí agus ar a suíomh idirlín go mbeidh ranganna Scúba ar fáil in 2018 mar chuid dá gcúrsaí samhraidh.
“Tá sé ag cur go mór le deiseanna chun an teanga a chur chun cinn, le turasóireacht go háirithe,” a dúirt Máirtín.
“De bharr go bhfuil an comhbhrúiteoir ann, is féidir le daoine teacht agus dul ag tumadóireacht lá amháin, fanacht thar oíche agus ansin athlíonadh a fháil ar a dtancanna thar oíche chun go mbeidh siad in ann tabhairt faoin tumadóireacht arís an lá dár gcionn.”
Forbairt
Cé go bhfuil fás is forbairt tagtha ar an tseirbhís Scúba sa chéad séasúr, tá forbairtí á mbeartú le go mbeidh an tseirbhís ábalta céimeanna suntasacha chun tosaigh a ghlacadh do na blianta atá le teacht.
Sa chéad dul síos tá athchóiriú á dhéanamh ar Sheid na bhFear — nó deineadh scrios ar an mbunáit a bhí acu le linn tuillte cúpla bliain ó shin — agus beidh siad lonnaithe i suíomh nua ar eastát an Údaráis, an Crompán, gan mhoill le háiseanna sóisialta, áiseanna stórála don trealamh scúba agus eile.
In éineacht leis sin tá plean ann chun RIB a cheannach — is é sin Rigid Inflatable Boat — a bheidh in úsáid chun tumadóirí a thabhairt níos faide amach chun tuilleadh den bheatha mhara ar leith atá le hais an chósta a fheiscint.
“Tá orainn suas le €90,000 a bhailiú chun an bád seo a fháil agus cuirfidh sé go mór leis an tseirbhís ar féidir linn a chur ar fáil.”
Ní ró-fhada ó shin go raibh Seid na bhFear na Ceathrún Rua mar chuid de thaispeántas ‘Seafest’ sa Ghaillimh, cuid acu ag seinm ceoil, cuid eile acu ag tógáil curach canbháis.
Tháinig an Taoiseach úrcheaptha Leo Varadkar ar cuairt chuig an taispeántas agus chuir sé spéis ar leith sa taispeántas Scúba — nó is tumadóir oilte é féin agus paisean aige don aclaíocht sin.
“Gheall Leo go mbeadh sé ag tabhairt a aghaidh siar chun dul ag tumadóireacht le Scúba na Ceathrún Rua — beimid réidh dó agus éinne eile a thagann inár dtreo,” a dúirt Máirtín.