Irish Independent - Seachtain

Geimhreadh maith i ndán don iarthar?

- GRÁINNE McELWAIN Cluiche Ceannais Peile na hÉireann Áth Cliath v Mhaigh Eo Páirc an Chrócaigh @15.30 Beo ar RTÉ2 ó 14.15 agus beo ar Sky Sports Arena ó 14.30

Comhaontaí­tear i measc an phobail go gcuideoidh an bua cuimsithea­ch a bhí ag Áth Cliath ar Thír Eoghain le Maigh Eo Dé Domhnaigh.

Ar cheann de na cúiseanna taobh thiar de na smaointí sin tá nach mbeidh rún ag Áth Cliath a bheith chomh hairdealla­ch agus b’fhéidir go suífidh siad siar. Chun a bheith macánta faoi, níl mórán fianaise feicthe againn ina dtaispeánt­ais go dtí seo go dtarlóidh a leithéid sin ag an deireadh seachtaine.

Cloistear an oiread sin focail mholta faoi fhoireann peile Átha Cliath agus tá sé thar a bheith doiligh dul ina n-aghaidh.

Stair

Tá siad ar cheann de na foirne is fearr — b’fhéidir an fhoireann is fearr riamh — a chaith geansaí Átha Cliath agus iad ag iarraidh dul sna leabhair staire le Corn Sam Mhig Uidhir a bhaint don tríú bliain as a chéile.

Ba é Ciarraí in 1986 an fhoireann dheireanac­h gur éirigh leo an beart sin a dhéanamh. Le cúig chluiche anuas tá 9-107 aimsithe acu agus níor géilleadh ach 1-57, cúl amháin in éadan Chill Dara.

Léiríonn sé chomh míthrócair­each is atá siad ach fós sílim nach bhfuil aon scrúdú ceart faighte acu agus buanna thar a bheith éasca crochta leo.

Ní féidir a shéanadh an carachtar atá ag Maigh Eo ach táim cinnte go bhfuil siad dubh dóite faoin mhéid atá ráite anois agus iad ag iarraidh a lámha a chur ar an duais mhór den chéad uair ó 1951.

Sílim go bhfuil an-deis acu mar níl faitíos orthu roimh Áth Cliath, tá siad in ann dul i ngleic leis na coimhlintí fisiciúla ar fud na páirce agus tá peileadóir­í maithe acu. Níl an binse chomh láidir agus atá ag Áth Cliath, rud mór mar ní bhfuair Bernard Brogan ná Michael Darragh Macauley áit teacht ar an pháirc sa bhabhta leathchean­nais agus tá difear mór déanta ag binse Jim Gavin in achan chluiche go dtí seo agus déanfar arís, táim cinnte.

Spreag

Ach fós, seo é do Mhaigh Eo. Tá súil agam gur amharc go leor acu ar chluiche ceannais iomána na hÉireann an tseachtain seo caite agus an tslí gur bhuaigh Gaillimh Liam tar éis gorta 29 mbliana.

Spreag an díomá agus gortú le linn na mblianta iad san fhiche bomaite deireanach go háirithe agus caithfidh Maigh Eo sólás a tharraingt as sin chomh maith.

Seo dhá fhoireann gur breá leo dul ar an ionsaí ach an mbeidh Maigh Eo in ann smacht a chur ar ghluaiseac­htaí Chiaráin Kilkenny a bhí chomh feiceálach in adharca Thír Eoghain?

Mar is iondúil, is ardán tábhachtac­h é lár na páirce agus beidh ar Mhaigh Eo brú suas ar chiceanna amach Stephen Cluxton.

Cá n-imreofar Aidan O’Shea? Má tá na freagraí ag Maigh Eo, beidh an seans acu. Is iad Áth Cliath rogha na n-údar ach b’fhéidir go mbeidh geimhreadh maith san iarthar an uair seo.

 ??  ?? Dóchas: Captaen Mhaigh Eo Cillian O’Connor
Dóchas: Captaen Mhaigh Eo Cillian O’Connor
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland