Irish Independent - Seachtain

TÁ AN SNEACHTA AG TEACHT-A

-

An bhfuil sibh réidh?

Tá ‘an Torathar ón Oirthear’ ar tí tuirlingt in Éirinn inniu, agus fanacht go deireadh na seachtaine, ag tabhairt sneachta agus fuacht mór leis – agus rabhadh tromchúise­ach aimsire ó Met Éireann.

Rachaidh an aimsir in olcas as seo go ceann seachtaine mar gheall ar an nguairneán polach ón tSibéir, agus tá an chuid is measa le bheith linn amárach agus Dé hAoine. Mhol an Taoiseach Leo Varadkar do dhaoine “aird ghéar” a thabhairt ar na meáin don nuacht is deireanaí faoin rabhadh aimsire sin, agus cloí le comhairle ó na húdaráis.

Léiríonn an pictiúr seo daoine amuigh i rith an tsneachta throm in Rochester sa Ríocht Aontaithe – a léiríonn chomh dona is a bheidh an aimsir.

Bígí cúramach!

 ?? PIC: DAN KITWOOD/GETTY ??
PIC: DAN KITWOOD/GETTY

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland