Irish Independent - Seachtain

‘Taobh amuigh dos na ráise anna a bhíonn ann, sí an chraic an difríocht’

- DÁITHÍ ÓSÉ

An t-am seo an bhliain seo caite bhíomar críochnait­he i gCorcaigh leis an Today Show agus bhí cead mo chos agam dul pé áit ar mhaith liom. Mar a tharla sé bhí mo bhean chéile agus an fear óg sna Stáit Aontaithe ag an am céanna, leis an dá rud seo ag tarlú le chéile bhí teaspach ag teacht orm.

An chéad stop ná Baile Phúinse i gcomhair na Ráiseanna, bhuel chun an fhírinne a rá thugas an oíche roimhe sin san Ardchathai­r agus thosnaigh an chóisir lá luath.

Ach ní amhlaidh atá i mbliana! Ní cheapas go mbeadh aon taobh dorcha nuair a tháinig an glaoch chugainn go rabhadar ag cur cúig seachtainí leis an tsraith an séasúr seo, ní raibh mo cheann capaill ag obair i gceart ag an am ní foláir.

Thugas trí lá i mBaile Phúinse anuraidh beidh seans liom an Aoine a bhaint amach an uair seo!

Is dóigh liom go bhfuil sé luaite agam libh cúpla uair anois go bhfuil grá ana-mhór agam don bhféile rásaíochta seo. Taobh amuigh dos na ráiseanna iontacha a bhíonn ann, sí an chraic a théann leis seo ar fad a dheineann an difríocht! Seo féile amháin gur féidir leat dul ann leat fhéin agus ní bheidh tú ró-fhada id’ aonar.

Tá baile Nás na Rí déanta don tseachtain seo, tá na pubanna móra ann agus bíonn siad seo lán go doras agus an t-uafás craice i ngach ceann acu agus is féidir i gcónaí áit dheas chiúin a fháil i bpub

cúlsráidea­ch. Seo a chuireann fód ar mo phíce. Tá áit ann do gach duine anseo is cuma óg nó aosta.

Bhí Brian Glesson againn ar an seó Dé hAoine, fear é Brian a bheidh ag obair le foireann rásaíochta RTÉ. Is fear gnóthach é Brian mar go mbíonn sé ag obair le

ITV gach deireadh seachtaine.

Bhí sé ag caint linn fén troid a bheidh ann do chraobh na dtraenálai­the idir Willie Mullins agus Gordon Elliott mar níl ach €400,000 eatarthu. Níl aon dabht ach go bhfuil gach rud ag brath ar Bhaile Phúinse!

Tháinig drochscéal an tseachtain seo caite gur

cailleadh Our Duke capall le Jessica Harrington, capall a bhuaigh an Grand National an bhliain seo caite.

Bhíomar ar fad ag súil le rás mór eile ó Our Duke i Cheltenham sa Mhárta ach níor tharla sé dó ar an lá. Níl aon dabht im’ cheann ach go raibh an fhéile seo sa cheann ag Jessica don Diúc!

Pé scéal é sé Samcro an capall a mbeidh gach éinne ag faire amach dó ag féile na seachtaine seo, an t-aon rud ná ní gheobhaidh tú mórán praghais air!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland