Irish Independent - Seachtain

Mothúcháin

-

Seán

Is gnáthfhear é Seán - téann sé ag obair, tagann sé abhaile le haghaidh an dinnéir agus ní bhíonn uaidh ach suí síos agus an páipéar a léamh. Caithfidh go bhfuil post maith aige agus go dtuilleann sé roinnt mhaith airgid, mar tá teach acu agus tá stéig acu don dinnéar. Is duine mífhoighne­ach é, toisc go gcuireann sé ceisteanna gonta crosta ar a bhean faoin suirbhé a rinne sí. Níl mórán measa aige ar an obair a dhéanann a bhean sa bhaile (ón ngearán atá déanta aici féin); deir sí nach dtugtar a cuid oibre faoi deara go dtí nach bhfuil sé déanta. Ní dhéanann sé iarracht i rith an scéil áthas a chur ar a bhean nó faoiseamh de shórt ar bith a thabhairt di. Ní bhacann sé le bheith plámásach (flattering). Is fear príobháide­ach é freisin, éiríonn sé feargach nuair a cheapann sé gur thug a bhean sonraí príobháide­acha faoina saol sa bhaile do strainséir. Maslaíonn sé (he insults) i gceart í nuair a thiteann sé ina chodladh agus í fós ag caint leis.

Bean Chéile

Ní chloisimid a hainm riamh! Ní ghlaonn Seán as a hainm uirthi; is dócha go ndearna an t-údar é seo d’aon ghnó. Tá béim níos mó ar an bhfear sa saol, sa bhaile agus sa chaidreamh. Is duine soghonta (easily hurt) í. Bíonn sí uaigneach go minic, ‘cuir síos an páipéar agus bí ag caint liom’, a deir sí le Seán ag tús an scéil. Nuair a theipeann air sin, tosaíonn sí ar scéal a insint dó faoin suirbhé chun a aird a tharraingt uirthi. Ní raibh sí ábalta a fadhbanna a phlé le Seán go hoscailte í féin, mar sin baineann sí úsáid as an suirbhé chun na fadhbanna a phlé leis. Nuair a éiríonn sé crosta, tuigeann sí nach bhfuil a seift (trick) ag obair agus insíonn sí dó nár inis sí ach bréaga (lies) do bhean an tsuirbhé. Creideann na léitheoirí na freagraí a thug sí do bhean an tsuirbhé, áfach - is dócha go bhfuil fadhbanna aici, ach nach féidir léi iad a phlé le Seán! Tá géarchéim eiseach (existentia­l crisis) aici ag an am céanna! Ceapann sí nach fiú mórán saol na mban na laethanta seo - nuair a bheidh a páistí tógtha agus a fear céile marbh, céard a dhéanfaidh sí? Ní bheidh sí in ann a bheith cabhrach, ag cabhrú nó ag troid le bean a mic nó ag tabhairt aire dá garpháistí. Deir sí go mb’fhearr di bás a fháil nuair a fhaigheann Seán bás. Fós, ní thuigeann sé aon rud atá á rá aici, ní deir sé aon rud suaimhneac­h (reassuring) léi, ní haon ábhar misnigh é di, ná ábhar faoisimh (source of comfort). Ag deireadh an scéil, ritheann sé léi (occurs to her) go raibh bean an tsuirbhé ag insint bréag di faoi bheith ag iompar clainne chun freagraí an tsuirbhé a fháil, mar níor chuir sí glaoch uirthi faoin bpost nó faoin saoire máithreach­ais! Chuir sí an dallamulló­g (tricked) uirthi.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland