Doherty: Ní dhearnadh aon bhagairt ar Chomhairleoir
‘Fágfaidh mé faoin phobal é a chinneadh cé atá ag insint bréige,’ arsa an Comhairleoir
Tá Sinn Féin ag lár éilimh faoi bhagairt a rinneadh ar iaroibrí de chuid an pháirtí agus ar comhairleoir neamhspleách Gaeltachta anois é.
Dúirt an Comhairleoir Contae in Iarthar Dhún na nGall, Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, arís gur tháinig comhaltaí ó Shinn Féin go dtí a theach agus gur bhagair siad air ag an deireadh seachtaine.
Mhaígh sé freisin gur bagraíodh an IRA ar fhear eile.
Sheán Pearse Doherty, Teachta Dála iomráiteach Shinn Féin i nDún na nGall, an méid sin agus d’áitigh sé ar an gComhairleoir Mac Giolla Easbuig smaoineamh ar a phost sa chomhairle mar gheall ar an gcás.
Dúirt Doherty nach ndearnadh aon bhagairt.
BRATACH
Mháigh an comhairleoir neamhspleách go ndearnadh na bagairtí mar gur ardaíodh bratach Chumann na mBan ag leac chu
imhneacháin do Kevin Brady i Mín na Leice i nGaeltacht Dhún na nGall Dé hAoine seo caite. Chaith an dílseoir Michael Stone Brady i Reilig Bhaile an Mhuilinn i mBéal Feirste in 1988 agus mharaigh é.
Maítear go ndúirt na fir nach bhfuil sé de cheart ag aon duine ach iad siúd atá sa Ghluaiseacht Phoblachtach bratach Chumann na mBan a chur in airde.
Ach dúirt an Teacht Doherty dá maífeadh duine dá gcomhairleoirí siúd a leithéid agus nach raibh sé fíor, go mbeifí ag súil go n-éireoidís as a bpost.
Dúirt sé má bhí an méid a dúradh fíor gur
cheart don chomhairleoir dul go dtí an Garda Síochána chun é a thuairisciú leo. Ach deir an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig go bhfuil sé ag seasamh lena éilimh. Dúirt sé: “Tháinig comhaltaí de chuid Shinn Féin go dtí mo theach maidin Dé Sathairn ag cur rudaí i mo leith nach raibh baint ná páirt agam leo. “Ghlaoigh duine den phobal orm maidin Dé Sathairn chun a rá liom gur bhagair comhalta de chuid Shinn Féin air mar gheall ar chúrsaí a bhain le bratach a ardú. “Is iomaí rud atá fíor fúm, ach ní fíor gur bréagadóir mé. Is mór an trua é an cás seo ach ní mise is cúis leis. “Dé Sathairn seo caite, an 21ú lá, rinne mé iarracht é seo a réiteach trí dhul i dteagmháil le hIonad Acmhainní Rosemount i nDoire a chuireann seirbhísí idirghabhála ar fáil. Chuaigh siadsan i dteagmháil le comhalta an-sinsearach de Shinn Féin i nDoire a chuaigh i dteagmháil ansin le comhalta an-sinsearach de Shinn Féin in Iarthar Dhún na nGall. “Fágfaidh mé faoin phobal é a chinneadh cé atá ag insint bréige,” a dúirt sé. Ach tá an Teachta Doherty ar buille, agus é ag maíomh nach bhfuil na líomhaintí fíor agus d’iarr sé ar na Gardaí na héilimh a fhiosrú.